Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/42

From Wikisource
This page has been proofread.

pharlús ag aghaidh an tí a luí ag an fhuinneog. D’imíos liom ón tigh agus stuaic orm gur shiúlas go mall i dtreo na scoile. Ba fhuar feanntach an lá agus bhí an tubaiste á tuar dom cheana féin.

Nuair a tháinig mé abhaile am dinnéir ní raibh m’uncail tagtha abhaile go fóill. Bhí sé luath sa ló i gcónaí. D’fhanas i mo shuí ag an bhord ag stánadh ar an chlog agus, nuair d’éiríos bodhar ag torann na dticeanna as, d’fhágas an seomra. Thug mé an staighre orm féin agus bhaineas an taobh uachtarach den tigh amach. Bhlaiseas saoirse sna seomraí arda fuara dorcha agus chuas ó sheomra go seomra ag gabháil fhoinn. As fuinneog taobh na sráide, chonaic mé mo chomrádaithe ag spraoi ar an tsráid. Tháinig a nglaonna a fhad liom agus iad maolaithe agus dothuigthe. Leag mé mo cheann ar an ghloine fhionnuar agus d’amhairceas anall ar an teach dorcha ina raibh sí ina cónaí. B’fhéidir gur fhan mé i mo sheasamh ansin ar feadh uair an chloig, gan rud ar bith a fheiceáil ach an cruth in éadaí donna a bhí á shamhlú dhom, solas sráide ag lonrú go discréidteach ar a muineál dea-chumtha, ar a láimh ar an ráille agus ar an chiumhais faoi bhun a gúna.

Nuair a thángas anuas staighre arís bhí Mrs Mercer ina suí romham cois teallaigh. Ba sheanbhean chabach í a bhí ina baintreach le geallbhróicéir agus a bhailigh stampaí ar chúis chráifeach éigean. B’éigean dom béadán an bhord tae a chaoinfhulaingt. Mhair an béile os cionn uair an chloig agus fós níor tháinig m’uncail. Sheas Mrs Mercer suas chun imeachta: bhí aiféala uirthi nach bhféadadh fanacht níos faide, ach bhí sé thar a hocht a chlog agus níor mhaith léi bheith amuigh go déanach, agus bhí aer na hoíche go dona dá sláinte. Nuair