Bhíodh dath dorcha ar na tithe faoin am a chasaimis le chéile ar an tsráid. Bhíodh dath corcairghorm síor-athraitheach ar an phaiste spéir ós ár gcionn agus d'ardaíodh na lampaí sráide a lóchrainn fanna ina threo. Dhódh an t-aer nimhneach sinn agus leanaimis orainn ag súgradh go mbeadh griofadach teasa orainn. Ba tholl torannach ár mbéiceacha sa tsráid chiúin. Thugadh séirse ár súgartha trí na lánaí dorcha draoibeacha sinn, áit a théimis i mbearna bhaol threibheanna ghárbha na dtithe beaga, thar dorais cúil na ngáirdíní dorcha braonacha ina n-éiríodh bolaithe ó na poill luaithe, chuig stáblaí dorcha cumhra ina shlíocadh agus chíoradh cóisteoir an capall nó ina chroitheadh sé ceol ón úim búclach. Faoin am a d'fhillimis ar an tsráid, bhíodh na fochlóis líonta le solas fhuinneoga na gcistineacha. Dá bhfeictí m'uncail ag casadh an choirnéil, théimis i bhfolach faoi scáth an dorchadais go bhfeicfimis dulta istigh slán abhaile é. Nó dá dtagadh deirfiúr Mangan amach ar leac an dorais a ghlaoch ar a dheartháir nuair a bheadh a shuipéar réidh, bhreathnóimis uirthi ónár bhfolach scátha, agus í ag gliúcaíocht suas síos an tsráid. D'fhairimis uirthi a fheiceáil an ndéanfadh sí fuireach ann nó an rachadh isteach, agus, dá bhfanadh sí ann, thréigimis ár scáth agus shiúlaimis suas staighre An Mhongáin go fulangach. Bhíodh sí ag feitheamh linn, déanamh a coirp á nochtadh ag an tsolas ón doras leathoscailte. Shaighdeadh a deartháir fúithi i gcónaí sula ngéilleadh sé agus sheasainn-se taobh leis na ráillí ag amharc uirthi. Luascadh a gúna de réir mar a chorródh sí a corp agus bhocáladh rópa mín a cuid gruaige ó thaobh go taobh.
Luínn ar an urlár sa pharlúis ag aghaidh an tí a bhreathnú ar a doras gach maidin. Bhíodh an dallóg tarraingthe