Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/280

From Wikisource
This page has been proofread.

é ar chomhrá. Bhí sí ag féachaint amach tríd an bhfuinneog agus bhí cuma na tuirse uirthi. Níor labhair na daoine eile ach corrfhocal: ag tarraingt airde ar fhoirgneamh nó shráid éigin dóibh. Threabh an t-each leis ar cosa in airde faoi spéir mhodartha na maidine agus a shean-bhocsa gliogarnach á tharraingt i ndiaidh a shál aige, agus thaibhsigh ócáid eile do Ghaibriél: bhí sé in aon chab léi arís agus an t-each ag dul ar cosa ina airde ag iarraidh theachta ag an bhád, ar cosa in airde dá Mí Meala.

Agus iad ag gabháil trasna Dhroichead Uí Chonaill, a deir Miss O’Callaghan:

“Deirtear nach dtrasnaítear Droichead Uí Chonaill riamh gan feiceáil capaill báin.”

“Feicim fear geal an uair seo,” a deir Gabriel.

“Cá háit?” a d’fhiafraigh Bartell D’Arcy.

Bhagair Gabriel méar ar an dealbh, ar lonnaigh geadáin sneachta uirthi. Ansin chlaon sé a cheann go teanntásach air agus d’ardaigh lámh leis.

“Oíche mhaith, Dan,” ar sé go meidhreach.

Iar dtarraingt chun stoptha don chab os comhair an óstáin, léim Gabriell amach agus d’íoc an tiománaí, in ainneoin áitiú Mr Bartell D’Arcy. Thug scilling os cionn an táille don fhiur. Bheannaigh an fear dó agus deir:

“Bliain Nua faoi mhaise dhuit, sir.”

“Go mba é dhuitse,” ar Gabriel go cairdiúil.

Baineann sí taca as láimh leis ag tuirlingt den charr di agus arís ag seasamh ag ciumhais an chosáin ag fágáil ‘oíche mhaith’ leis an chuideachta dhi. Ba éadrom a meáchan ar a láimh leis, chomh héadrom leis an uain a dhamhsaigh sí leis cúpla uair roimhe seo. Bhí bród agus áthas air ansin. Áthas air gur leis í, bród air dá grástúlacht agus dá hiompar mná pósta. Ach