“’Sí, tá slaghdán ar gach aon duine,” a dúirt Aunt Kate go héasca, “gach aon duine.”
“Deirid,” ar Mary Jane, “nár chaith sé an oiread seo sneachta le deich mbliana is fichid anuas: agus léas sna páipéir ar maidin go bhfuil an sneachta forleathan ar fud na hÉireann.”
“Is breá liom an sneachta,” a dúirt Aunt Julia go maoithneach.
“Agus mise leat,” a dúirt Miss O’Callaghan. “Measaim nach bhfuil sé ina Nollaig i gceart go bhfuil brat sneachta ar an talamh.”
“Ach ní maith le Mr D’Arcy bocht an sneachta,” a dúirt Aint Kate le fáthadh an gháire.
Tháinig Mr D’Arcy aniar ón chuile agus é cuachta agus fáiscthe faoi éadaí troma, gur inis fáth a shlaghdáin dóibh i nglór aithríoch. Thug gach uile dhuine comhairle dhó ag rá dhóibh gur mhór an trua é agus ag tathant air seachaint a scornaí ar aer fhuar na hoíche. Dearcann Gabriel ar a bhean chéile, nach nglacann páirt sa chomhrá. Bhí sí ag seasamh faoi léas dheannachúil solais an fhuinneog dorais. Las solas an gháis dath cré-umha a gruaige, a raibh sí ag triomú cois na tine cúpla lá roimhe seo. Bhí an ghoic chéanna uirthi agus ba chosúil go raibh sí beag beann ar an chomhrá ina haice. Casann sí agus tugann a haghaidh orthu sa deireadh go bhfeiceann Gabriel go raibh dath ina grua agus go raibh loinnir ina súile. Brúchtann aon tuile amháin áthais óna chroí.
“Mr D’Arcy,” a deir sí, “céard is teidil don fhonn sin a ghabhais?”
“The Lass of Aughrim[1] is teidil dó,”
- ↑ The Lass of Aughrim: Bruinneall an Eachroma. Is é sin, Eachroim in oirthear na Gaillimhe, láthair an chatha mhóir. Eachroim = each + ‘roim (droim i. cnoc/mullach). Leagan Éireannach é an fonn seo ar The Lass of Loch Royal.