Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/262

From Wikisource
This page has been proofread.

“An bhfuilthi ag maíomh, d’fhiafraigh Mr Browne le hiontas, “gur féidir le diúlach dul síos ansin agus cur faoi mar a bheadh óstán ann do theacht i dtír ar mhéith na talún agus imeacht leis ansin gan íoc rud ar bith as?”

“Ó tugann formhór na ndaoine tabhartas éigin airgid don mhainistir dá ndeoin féin ag imeacht dóibh,” a dúirt Mary Jane.

“Faraor nach bhfuil foras mar sin inár n-eaglais féin,” ar Mr Browne go hoscailteach.

Bhí an dubhiontas air nuair a chuala nár labhair na manaigh riamh, go n-éiríodar ag a dó a chlog ar maidin agus gur chuadar a luí ina gcónraí.[1] D’fhiafraigh cad chuige a rinneadar é.

“Sin riail an oird,” ar Aunt Kate go diongbháilte.

“Sea, ach cad chuige?” a d’fhiafraigh Mr Browne.

Dúirt Aint Kate arís gurb í sin an riail, sin an méad. Ba chosúil nár thuig Mr Browne. Mhínigh Freddy Malins dó chomh maith agus a tháinig leis, gurbh iarracht cúitimh é ar na peacaí uile a rinne peacaigh uile an domhain lasmuigh. Níor léir ar fad an míniú óir rinne Mr Browne draidgháire agus dúirt:

“Is aoibhinn liom an smaoineamh sin ach nach ndéanfadh leaba compordach sprionga dhóibh chomh maith céanna le cónra?

“Is é is cúis leis an chónra,” a dúirt Mary Jane, “meabhrú a n-éaga dhóibh.”

Ó bhí an t-ábhar cainte éirithe duairc thit an comhluadar faoi thost trínar chualathas Mrs Malins ag rá de chogar doiléir leis an duine ina haice:

“Fir an-mhaithe, na manaigh, fir an-chráifeacha.”

  1. ...nár labhraíodar na manaigh riamh... chuadar a luí ina gcónraibh: tosaíonn a lá le hurnaí ag 04:30 agus fanann na manaigh ina dtost an oiread agus is féidir le linn a ndualgas laethúil. Ar ndóigh, ní chodlaid i gcónraí!