Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/247

From Wikisource
This page has been proofread.

Do thugadar na damhsóirí in aice leo aghaidh éisteachta ar an cheastóireacht. Rinne Gabriel speiceáil imníoch ar an dá thaobh dhe agus rinne a dhícheall an meon séimh ab iondúil leis a choinneáil in ainneoin na féachana a bhí á cur air, arbh fhéachaint í a thosaigh ag baint lasta as a éadan.

“Agus nach bhfuil do thír féin agat le dul ar turas inti,” a dúirt Miss Ivors agus í ag leanúint air, “tír a bhfuilir dall uirthi, do chine féin, agus do thír féin?”

“Ó, le bheith fírinneach leat,” a chaith Gabriel gan frapa gan taca, “táim bréan de mo thír féin, bréan di!”

“Cén fáth?” d’fhiafraigh Miss Ivors. Níor fhreagair Gabriel mar bhí corraithe ag an spalla deireanach a chaith.

“Cén fáth?” a dúirt Miss Ivors arís.

Níor mhór dóibh dul ar cuairt le chéile agus, ó nár thug sé freagra uirthi, dúirt Miss Ivors go cairdiúil:

“Ar ndóigh, níl freagra agat.”

Damhsaigh Gabriel go spreacúil a cheilt a chorraíola. Seachain a súile siúd mar chonaic an místá uirthi. Ach nuair a bhuaileadar lena chéile arís sa tslabhra fada damhsóirí rug sí ar láimh air gan choinne. Bhreathnaigh sí go fiosrach air faoina mallaí ar feadh scaithimh go ndearna seisean meangadh gáire. Ansin, go díreach agus an slabhra ar tí bogtha arís, chuaigh ar bharraicíní na gcos go ndúirt i gcogar ina chluais:

“Seán Buí!”

Ag deireadh rince na lansaí d’imigh Gabriel go cúinne an tseomra, áit a raibh Freddy Malins agus a mháthair ina suí. Seanbhean gheal-liath mhórchnámhach anbhann ab í. Bhí glothar