Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/236

From Wikisource
This page has been proofread.

“Ach, inis dom, Gabriel,” a dúirt Aunt Kate le tuiscint is le stuaim. “Ar ndóigh, fuairis amach faoin tseomra. Dúirt Getta...

“Ó, tá an seomra ceart go leor,” a d'fhreagair Gabriel. “Thógas ceann sa Gresham.”[1]

“Cinnte,” ar Aunt Kate, “an rud is fearr a dhéanamh, gan aon agó. Agus na páistí, Gretta, nach bhfuil imní ort fúthu?”

“Ó, níl i gceist ach oíche amháin,” a dúirt Mrs Conroy. “Ar aon nós, tabharfaidh Bessie aire dhóibh.”

“Cinnte,” ar Aunt Kate arís. “Is mór an sólás daoibh cailín mar sin, cailín atá le trust! Maidir le Lily sin, n’fheadar céard a tháinig uirthi le gairid. Ní hí an cailín a bhí ar chor ar bith.”

Bhí Gabriel ar tí chur roinnt ceisteanna ar a aint ina leith ach bhí sí ag breathnú ar a deirfiúr anois a d’imigh léi ar a bealach síos an staighre a scrogaireacht thar na balastair.

“Achainí oraibh,” agus rian den chantal ina glór, “cá bhfuil Julia ag dul? Julia! Julia! Cá bhfuil do thriail?”

Julia, a bhí imithe leath-shlí síos staighre amháin, tháinig ar ais gur fhógair go leamh:

“Seo chugainn Freddy.”

Ansin díreadh chualathas bualadh bos agus fras deiridh an phianódóra a thug le fios go raibh an válsa críochnaithe. Osclaíodh doras an tseomra caidrimh ón taobh istigh agus tháinig roinnt daoine amach ina mbeirteanna. Tharraing Aunt Kate Gabriel i leataobh faoi dhithneas agus dúirt i gcogar ina chluais:

  1. Gresham: óstán galánta mór le rá w:en:Gresham Hotel