Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/225

From Wikisource
This page has been proofread.

Bhí an sagart ina sheasamh anois sa phuilpid i gcéin uathu. Bhí dhá thrian dá thoirt le feiceáil os cionn na balastráide agus aghaidh mhór mhillteach dhearg mar bharr uirthi. Sléachtann Father Purdon go dtugann a aghaidh ar an spota beag solais deirg agus, ar gclúdach a aghaidh lena lámha dó, cromann ar phaidir. Tar éis tamaill, nochtann a aghaidh arís agus éiríonn ina sheasamh. Seasann an pobal freisin agus socraíonn síos arís ar na binsí. Leag Mr Kernan a hata ar ghlúine arís agus thug aghaidh éisteachta ar an tseanmóirí. Crapann an seanmóir na muinchillí leathana dá shuirplís siar le gluaiseacht mhór geáitsíochta, ceann ar cheann, go scrúdaíonn aghaidheanna an phobail go mall. Ansin deir:

“Óir is glice clann an tsaoil seo ná clann an tsolais ina gcineál féin. Agus a deirimse libh, Déanaí cairde dhíbh féin lé saibhreas na héagóra; ionas an tráth a éagfaidh sibh [sic], go nglacfaidh siad sibh ina lóistíní síoraí.”[1]

Rinne an t-Athair Purdon forbairt ar an téacs i nglór mór muiníneach. Tá sé ar cheann de na téacsanna is deacra sna scrioptúir trí chéile, ar sé, i dtaobh léimh cirt a dhéanamh air. B’fhéidir go ndéarfadh duine leis féin go bhfuil an teagasc ann ag dul in aghaidh na hard-mhoráltachta a theagascas Íosa in áiteanna eile sa Tiomna Nua. Ach, a dúirt sé lena lucht éisteachta, feileann an téacs go mór do theagasc daoine a bhfuil sé de chrann orthu iomair sa tsaol duthain seo ach nach mian leo bheith gafa sa tsaoltacht mar sin féin. Is téacs é a oireas d’fhir gnó agus d’fhir gairme. Íosa-Chríost, a thuigeas

  1. Óir is glice clann an tsaoil seo ná clann an tsolais: Leabhar Lucais, caibidil 16, véarsaí 8-9 (aistriúchán Uilliam Uí Domhnaill). Tá sé tugtha go míchruinn ag an Athair Purdon: deir seisean “ionas an tráth a éagfaidh sibh”. Is é atá scríofa sa Bhíobla, “ionas an tráth bheas uireasa oraibh”. Is leor línte 1-11 a léamh chun an chomhthéacs ar fad a thuiscint.