“Crosaim na coinnle,” ar Mr Kernan agus é ag croitheadh a chinn anonn is anall. Thuig gur tharraing a agóid aird a chomhluadair. “ Crosaim ealaín na laindéar draíochta.”[1]
Rinne gach aon duine gáire.
“Sin Caitliceach deas daoibh!” ar a bhean.
“Coinneal ar bith!” a dúirt Mr Kernan arís go ceanndána. “Ní ghlacfad leo!”
____________________________________
Bhí croslann an tSéipéil Íosánaigh nach mór lán; agus fós féin tháinig fir uaisle isteach ón doras taoibh agus, ar treoir an bhráthar tuata, théaltaíodar suas na taobhranna gur fuaireadar áit suite. Bhí na fir go léir gléasta go maith agus dea-iomprach. Lonraigh solas lampaí an tséipéil ar éadaí dubha agus ar bhónaí bána an tslua. Ba éagsúlacht ar éigean an corr-chulaith bhréidín, na colúin marmair dúghlais bric agus na pictiúir dhuairce dhólásacha. Bhí na fir uaisle ina suí sna binsí, a mbrístí tarraingthe aníos beagán tharr a nglúine acu agus a hataí curtha ar chóir shábháilte. Bhíodar ina suí i bhfad siar sa tséipéal agus stánadar go nósúil ar bhallóg bheag bhídeach an tsolais deirg ar crochadh os cionn na haltóra airde i bhfad uathu.
Ar cheann de na binnsí bhí Mr Cunningham agus Mr Kernan ina suí. Bhí Mr M’Coy ina aonar laistiar díobh: agus bhí Mr Power agus Mr Fogarty ar an bhinse taobh thiar de sin. Thriall Mr M’Coy áit a aimsiú ar bhinse na bhfear eile ach bhí sé fánach air.
- ↑ ealaín na laindéar draíochta: Chuir roinnt cáinteoirí i leith fíoracha na Maighdine Muire ar Chnoc Mhuire i 1879 gur cur i gcéill a bhí iontu a rinneadh le teilgeoir pictiúr.