roimpi. Níor chuir sí isteach ar an chiúnas, ach chrom thar an ráille ag cos na leapan.
“Chonaiceas John MacHale tráth,” a dúirt Mr Kernan, “agus ní dhéanfad dearmad air a fhad a mhairfead.”
Thug aghaidh dearbhaithe ar a bhean.
“Dúras sin go minic leat?”
Chlaon sí a ceann dá dhearbhú.
“Ba ag nochtadh dhealbh Shior John Gray é. Bhí Edmund Dwyer Gray ag caint, ag gaotaireacht leis, agus seo mo dhuine aosta seo, seanbhuachaill cantalach, ag cur na súl tríd faoina mhalaí móra giobacha.”
Chuir Mr Kernan roic ina mallaí, gur thug a cheann faoi agus thug súil fhiata ar a bhean ar nós tairbh fraochta.
“A Dhia!” ar sé go bríomhar, iar dteacht chuici féin dá dhreach, “níor fhacas a leithéid de shúil i gceann fir riamh. B’ionann é is rá: aithním an chleasaíocht bheag atá agat, a mhic ó. Bhí súil seabhaic aige.
“Ní raibh aon mhaith i nduine ar bith de chlann na Grays riamh,”[1] a dúirt Mr Power.
Thit an seomra faoi thost arís. Thug Mr Power aghaidh cainte ar Mrs Kernan agus dúirt go meidhreach tobann:
“Well, Mrs Kernan, táimid ag dul a dhéanamh Caitlicigh maith cráifigh naofa de d’fhear anseo.”
Comharthaigh go fial ar an chomhluadar le scuabadh dá láimh timpeall orthu.
“Táimid go léir ag dul ar chúrsa spioradálta a dhéanamh faoistine – agus ag Dia atá a fhios an gátar atá orainn.”
“Ní miste liom,” a dúirt Kernan le meangadh a bhí pas beag faiteach.
- ↑ Ní raibh aon mhaith i [...] na Grays riamh: Ba le Sir John Gray an nuachtán Freeman’s Journal ó 1841 i leith. D’éirigh an nuachtán níos náisiúnaí faoi anáil Gray. Chuaigh a mhac Edmund Dwyer Gray i gcomharba ar an nuachtán ansin. Chuir an Freeman, faoi stiúir chlann Gray, i gcoinne an pholaiteora Charles Steward Parnell, gur ghnóthaigh seisean gnaoi an phobail. Ansin thaobhaigh an Freeman leis freisin. Thacaigh leis go fiú nuair a bhris an scannal amach faoi chaidreamh adhaltrach Pharnell le Katherine O'Sea. D’athraigh a chóta arís áfach iar n-éirí an mhóraimh i gcoinne Parnell agus iar dteacht chun cinn páipéir nua frith-Pharnell, an National Press (tá trácht mhór ar Pharnell sa scéal Lá an Eidhneáin i Seomra an Chiste).