“Ach is Fear Buí é Crofton, nach é?” ar Mr Power.
“’Sé, cinnte,” ar Mr Kernan, “agus Fear Buí den scoth, leis. Chuamar i dteach Butler ar Shráid Moore – m’anam, chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm, chun na fírinne Dé a rá – agus cuimhním go díreach mar a chan sé é. Kernan, a dúirt sé, adhraimid ag altóirí difriúla, ar sé, ach táimid ar aon chreideamh amháin. Focal céillí, dar liom.”
“Is mór de bhrí sin,” ar Mr Power. “Bhíodh na sluaite Protastúnach ag an Aifreann nuair ba Father Tom a bhíodh á cheiliúradh.”
“Níl mórán eadrainn,” a dúirt Mr M’Coy.
“Creidimid araon sa -”
Thomhais sé a chuid cainte ar feadh nóiméid.
“Sa tSlánaitheoir. Ach amháin nach gcreididsean sa Phápa ná i Máthair Dé.”
“Ach, ar ndóigh,” a dúirt Mr Cunningham go ciúin is go cliste, “ár reiligiún, is é an t-aon reiligiún amháin é, an bunchreideamh ársa.
“Níl dabht ar bith faoina thaobh,” ar Mr Kernan go cairdiúil.
Thaibhsigh Mrs Kernan i ndoras an tseomra codlata a fhógairt:
“Seo cuairteoir chugaibh!”
“Cé hé?”
“Mr Fogarty.”
“Ó, tar isteach! Tar isteach!”
Tháinig aghaidh bhán ar chruth uibhe faoin tsolas. An cuar ar a croiméal geal fada, bhí ar aon dul le cuar na malaí geala a bhí ardaithe os cionn na súl le hiontas is le háthas. Grósaeir beag ab é Mr Fogarty. Theip ar a theach óil