laistiar dá deirfiúr. Níor labhair aon duine: bhíomar go léir ag stánadh romhainn ar an teallach lom.
D’fhan m’aint ina tost gur lig Eliza osna aisti agus ansin dúirt:
“Á, sea, tá sé dulta go domhan níos fearr.”
Lig Eliza osna eile aisti agus chlaon a ceann mar chomhartha aontaithe. Mhéaraigh m’aint cos a fíonghloine agus bhain súimín beag as.
“Ar… go suaimhneach?” a d’fhiafraigh sí.
“Ó, go suaimhneach go leor a bhean chóir,” ar Eliza. “Ní aireofá an nóiméad a d’imigh an dé deiridh as. Bhí bás álainn aige, moladh le Dia.”
“Agus gach uile rud…?”
Bhí an tAthair O’Rourke isteach leis Dé Máirt agus chuir an ola air agus fuair faoi réir é agus gach aon rud.’
“Bhí a fhios aige mar sin?”
“Chuir sé a thoil lena chinniúint.”
“Tá cuma sách chaoinfhulangach air,” ar m’aint.
“Is é sin a dúirt an bhean a d’fhostaíomar chun a níocháin. Dúirt sí go raibh cuma chomh síochánta chaoinfhulangach air is go sílfeá nach raibh ann ach go raibh sé ina chodladh. Ní shamhlódh aon duine a áille is a bheadh a chorp.”
“Leoga, ní shamhlódh,” ar m’aint.
Bhain sí súimín eile as a gloine agus dúirt:
“Bhuel, a Mhiss Flynn, ar a laghad ar bith, caithfear gur mór an sólás duit é a fhios a bheith agat go ndearna tú gach rud a d’fhéadfá déanamh dhó. Dar mo choinsias, bhí an bheirt díobh an-lách leis.”
Shlíoc Eliza a gúna thar a glúine.