a liopa íochtair aige. Ba nós é seo a chuir míshuaimhneas orm ar dtús sula raibh aithne mhaith agam air.
Tháinig focail sean-Chotter chun cuimhne dhom agus mé ag siúl faoin ghréin agus rinneas iarracht cuimhneamh ar ar tharla ina dhiaidh sin sa bhrionglóid. Ba chuimhin liom gur thug mé faoi deara cuirtíní fada veilbhite agus lampa ar luascadh a bhí de stíl seanaimseartha. Bhí sé mar a bheinn ar an choigríoch i bhfad ó bhaile in áit ina bhfuil béasa agus bealaí aduaine ag daoine – an Pheirs a shíl mé… ach ní thiocfadh deireadh na brionglóide chun chuimhne.
An oíche sin, thug m’aint léi chuig teach an bháis mé. Bhí an ghrian dulta faoi, ach fuinneoga na dtithe agus a n-aghaidh siar, bhíodar ag caitheamh scáil órga de mhúr mór scamall. Chuir Nannie fáilte romhainn sa halla agus, ó ba mhíchuibhiúil é glaoch amach uirthi, chroch m’aint lámh léi mar chomhartha ómóis do gach a raibh istigh ann. Shín an tseanbhean a méar in airde mar a bheadh sí ag cur ceiste agus, nuair a sméid m’aint a ceann, chuaigh sí ag dreapadh suas an staighre caol go tiarálach. Agus a ceann cromtha síos mar a bhí, is ar éigean a chuaigh sé thar leibhéal ráille an staighre. Stop sí ar an chéad-léibheann cheann staighre agus sméid go spreagúil orainn leanúint ar aghaidh chuig doras oscailte sheomra an bháis. Chuaigh m’aint agus nuair a chonaic an tseanbhean go raibh drogall orm dul isteach, thosaigh ag sméideadh isteach orm arís agus arís eile lena láimh.
Chuas isteach ar bharraicíní na gcos. Bhí solas órga breacdhorcha ag leathadh trí chiumhais lása na ndallóga agus ba chosúil le lasracha caola báiteacha iad na coinnle ann. Bhí sé istigh i gcónra.