“Á, go deimhin,” a dúirt agus é ag séideadh leis an chairtchlár, “ní léir conas páistí a thógáil. Anois, cé a cheapadh go mbeadh críoch mar sin air! Chuireas chun na mBráithre Críostaí é agus rinneas mo dhícheall ina thaobh, agus féach é ag imeacht le drabhlás. Thriallas duine ionraic modhúil ar dhóigh éigean a dhéanamh dhe.
Leag sé an cairtchlár go tuirseach.
“Murach gur seanfhear anois mé d’athróinn a phort do. Ghabhfainn den bhata ar a dhroim agus leadróinn é a fhad a bheadh seasamh ionaim – faoi mar a rinneas go hiomaí roimhe seo. An mháthair, an bhfuil ‘fhios agat, déanann peataireacht air le seo agus siúd...”
“Is é sin a mhilleas páistí,” a dúirt Mr O’Connor
“Milleann, cinnte,” a dúirt an seanfhear. “Agus is beag buíochas orm aige, ach sotal. Téann chun cinn orm nuair a fheiceas go bhfuil braon ólta agam. Céard atá ag teacht ar an tsaol nuair a labhras mic lena n-athair mar sin?
“Cén aois é?”, a d’fhiafraigh Mr O’Connor.
“Naoi mbliana déag,” ar an seanfhear.
“Cad chuige nach gcuirir i gceann ruda éigin é?”
“Go deimhin, nach bhfuilim sáite as an phótaire spreasánta i dtólamh ó d’fhág sé an scoil? “Ní choinneod do do chothú,” a deirim. “Chaithfir fháil posta dhuit féin.” Ach, Muise, is measa é nuair a fhaigheas sé post; ólann gach a thuilleas.
Chroith Mr O’Connor a cheann a chásamh leis, agus stán an seanfhear ar an tine gan focal eile as. D’oscail duine éigean an doras gur ghlaoigh:
“Halló! An cruinniú Máisiún é seo?”[1]
- ↑ Cruinniú Máisiún: Freemasons Meeting – bhí cáil frith-Chaitliceach ar na Máisiúin in Éirinn agus ba leor freastal ar cheann dá gcruinnithe chun coinnealbháite ón eaglais Chaitliceach a tharraingt ort féin. Féach an nóta faoi in Araby.