crainn loma. Shiúl suas cosáin feidheartha ar shiúladar ceithre bliana roimhe sin. Taibhsíodh dhó go raibh sí in aice leis sa dorchadas. Ar uairibh shíl gur airigh a guth ar a chluais, gur theagmhaigh a lámh lena láimhsa. Stop a éisteach. Cad chuige ar cheil sé a beo uirthi; cad chuige ar dhaor chun báis í? Bhí a fhealsúnacht mhorálta ag titim óna céile.
Ar baint barr chnoc Dhún na hArmlainne amach dhó, stop a bhreathnú síos an abhainn i treo Átha Cliath, lena soilsí a lonraigh solas fáilteach i leith na deirge san oíche fhuar. D’fhéach síos fána an chnoic agus, ag a bhun, faoi scáth bhalla na Páirce, chonaic fíortha daoine ina luí ar an talamh. Chuir na caidrimh shocheannaithe ós íseal seo in éadóchas é ar fad. Ba bheag air fíréantacht a shaol; chonachtas dó gur díbríodh as féasta an tsaoil é. Thug neach daonna amháin grá dhó agus cheil saol agus sonas uirthi: dhaor chun a míchlú í: bás náireach. Thuig sé go raibh na fíortha faona faoin bhalla á fhaire agus gur mhaith leo go n-imeodh sé leis. Níor theastaigh sé ó aon duine, bhí sé ina dhíbeartach ó fhleá an tsaoil. Bhain sé a shúile dhíobh siúd faoin bhalla gur fhéach i dtreo na habhann glioscarnaí, a shnigh i dtreo Átha Cliath. Thar an abhainn chonaic sé traein earraí ag sní as Kingsbridge Station mar a bheadh péist le ceann tintrí ag snámh tríd an dorchadas ann, go dúr dícheallach. D’imigh go mall as radharc; ach chuala sé gnúsacht saothrach a hinnill ag rá siollaí a hainm arís is arís eile.