nár thaitin cnónna léi agus d’iarr orthu gan a mbuaireamh ina taobh. Ansin d'fhiafraigh Joe dhi an dtógfadh sí buidéal leanna duibh agus dúirt Mrs Donnelly go raibh pórtfhíon sa tigh freisin dá mba fhearr léi sin. Dúirt Maria go mba fhear léi nach n-iarraidís uirthi ól ní ar bith: ach ní éistfeadh Joe le heiteach.
Ghéill Maria dhó, gur shuíodar cois na tine ag caint faoin tseansaol agus shíl Maria labhairt ar son Alphy. Ach scread Joe go dtreascródh Dia é dá labhraíodh sé focal lena dheartháir go deo arís agus dúirt Maria go raibh aiféala uirthi gur tharraing an scéal anuas. Dúirt Mrs Donnelly lena fear gur mhór an náire dhó labhairt faoina chuid fola féin mar sin ach shéan Joe a dheartháir agus dhóbair gur bhris imreas amach mar gheall air. Dúirt Joe nach ligfeadh don fhearg bhreith bua air ar son na hoíche a bhí inti agus d’iarr ar a bhean oscailt thuilleadh pórtair. D’eagraigh an bheirt chailíní bhéal dorais roinnt cluichí Oíche Shamhna agus ba ghearr go raibh meidhir sa chuideachta arís. Gliondar na malrach agus dea-ghiúmar Joe agus a mhná, chuir sé aoibhneas ar Maria. Chuir an bheirt chailíní bhéal dorais plátaí beaga ar an tábla gur chuireadar dallóg ar na páistí agus ghiollaíodar chuig an bhord iad. Fuair páiste amháin an leabhar urnaí agus fuair an triúr eile an t-uisce; agus nuair a fuair cailín amháin de na cáilíní bhéal dorais, nuair a fuair an fáinne, chroith Mrs Donnelly a méar leis an chailín deargtha mar a bheadh ag rá: Ó, nach agamsa atá a fhios![1] Ní shásódh iad ansin ach cur púicín ar Maria agus a giollacht chuig an tábla féachaint céard a gheobhadh sí; agus, fad is a bhíodar
- ↑ sa chluiche seo, is é is ciall leis an leabhar urnaí, gairm rialta. Is é is ciall le huisce, saol fada nó imeacht thar sáile nó an dá rud. Pósadh is ciall leis an fháinne.