Bhí alltacht ar gach aon duine (údair na léaspairte ina measc) agus leath meangadh gáire go na cluasa ar Miss Delacour, ar dhuine lách geanúil í. Dhearg Mr Alleyne go dath an róis fhiáin agus bhí a bhéal ag oibriú le corraí an leipreacháin. Chroith sé a dhorn le haghaidh an fhir gur chosúil le cnap de hinneall leictreach éigin í:
“A bhodaigh shoibealta! A bhodaigh shoibealta! Cuirfeadsa críoch leat! Fan go bhfeicfir. Gabhfair do leithscéal liom as do shoibealtacht nó imeoir ón oifig lom láithreach! Imeoir, mise á rá leat, nó gabhfair leithscéal liom!”
__________________________________
Sheas sé i ndoras os comhair na hoifige féachaint an dtagadh an t-airgeadóir amach ina aonair. D’imigh na cléirigh uile gur tháinig an t-airgeadóir amach in éinfheacht leis an phríomhchléireach sa deireadh thiar thall. Bhí sé fuar aige rá focail ar bith leis nuair a bhí sé i gcomhluadar an phríomhchléirigh. Chonacthas don fhear go raibh a dhála sách dona mar a bhí. B’éigean dó déanamh a mhíle leithscéal le Mr Alleyne faoina dheiliús ach bhí a fhios aige go mbeadh an oifig ina poll nathrach dhó as sin amach. Ba chuimhin leis an dóigh a rinne Mr Alleyne géarleanúint ar Peake beag gur ruaig as an oifig é chun ligean spáis dá nia. D’airigh sé fíochmhar agus díoltasach agus spallta leis an tart. Bhí fearg air leis féin agus le gach uile dhuine eile. Ní thabharfadh Mr Alleyne faoiseamh dá laghad dó; ba gheall le hifreann a shaol as seo amach. Rinne sé baileabhair cruthanta dhé féin an uair seo.