tar éis casta timpeall ina chathair sclóine le tabhairt a aghaidhe uirthi agus bhí a chos dheas caite go haerach thar a ghlúin chlé. Chuir an fear an comhfhreagras ar an deasc agus umhlaigh a cheann go hurramach ach níor thug ceachtar díobh Mr Alleyne ná Miss Delacour aird ar bith air. Bhuail Mr Alleyne méar ar an chomhfhreagras agus dhírigh ina threo í ansin mar a bheadh ag rá: “Sin ceart go leor: tig leat imeacht.”
D’fhill an fear ar an oifig íochtair gur shuigh síos ag a dheasc in athuair. Stán go dian ar an fhrása neamhchríochnaithe: “Ar chúis dá laghad, ní bheidh [an] Bernard Bodley réamhráite ...” agus smaoinigh ar a aite is a bhí sé gur thosaigh na trí fhocal deireanacha leis an litir céanna. Thosaigh an príomhchléireach ag deifriú Miss Parker, ag rá dhó nach mbeadh na litir clóscríofa in am aici don phost ná baol air. D’éist an fear le clagarnach an chlóscríobháin ar feadh cúpla nóiméad agus ansin luí isteach ar chríochnú a chóipe. Ní raibh sé istigh ann féin áfach agus chuaigh a smaointe le fán go dallrú agus go gliogar an tigh tábhairne. D’fheil an oíche do phuins the. Threabh sé ar aghaidh lena chóip, ach nuair a bhuail an clog a cúig bhí cheithre dhuilleog déag fós le scríobh aige. Léan air mar scéal! Ní rachadh leis a críochnú in am. Bhuail dúil dóite é rá eascaine in ard a chinn, bualadh a dhoirn anuas go foréigneach ar rud éigean. Bhí a oiread sin cuthaigh air gur Bernard Bernard a scríobh sé síos in ionad Bernard Bodley agus b’éigean dó tosú as an nua le duilleog bhán.
D’airigh sé sách láidir ann féin chun chaitheamh amach gach duine san oifig as a dhá lámh féin. Bhí a chorp ar bís le déanamh rud éigin, le dul ar ruathar foréigin. Chuir easonóracha uile a shaoil ar buille é... An bhféadfadh sé