ach ubh mhór ina suí ar na páipéir. Níor chuir Mr Alleyne oiread is nóiméad ama amú.
“Farrington? Céard is brí leis seo? Cén fáth go mbíonn orm casaoid fútsa i gcónaí. An miste leat míniú liom cad chuige nach bhfuil cóip den chonradh idir Bodley agus Kirwan déanta agat? Dúras leat go gcaithfidh sí bheith réidh roimh a ceathair a chlog.”
“Ach dúirt Mr Shelly, a dhuine uasail -”
“Dúirt Mr Shelly, a dhuine uasail... freastal ar an rud a deirim leat le do thoil, agus ní ar an rud a dúirt Mr Shelly, a dhuine uasail. Bíonn leithscéal agat i gcónaí le déanamh faillí ar do chuid dualgas. Bíodh a fhios agat, mura mbeidh macasamhail déanta den chonradh roimh an oíche seo, cuirfead an cás roimh Mr Crosbie... An gcloisir mé?
“Cloisim, a dhuine uasail.”
“An gcloisir mé?... Ay agus scéal beag eile! Bheadh sé chomh maith agam bheith ag cuardach meacain i gcró muice agus labhairt leatsa. Bíodh a fhios agat gur leathuair an chloig le haghaidh lóin atá dlite agat, agus ní uair go leith. Ní fheadar cé mhéad cúrsaí bídh a bhíos uait... An dtuigir?”
“Tuigim, a dhuine uasail.”
Chrom Mr Alleyne a cheann os cionn a charn páipéar arís. Stán an fear ar an bhlaosc lonrach a stiúir gnó Crosbie & Alleyne, agus é ag tomhais a leochaileachta. Tháinig ríog feirge ar a scornach ar feadh meandair agus shíothlaigh ansin, ag fágáil mothú íota tarta ina háit di. D’aithin an fear an mothú seo agus bhraith go raibh oíche mhór ólacháin de dhíth air.