Jump to content

Jimín Mháire Thaidhg/10

From Wikisource
172369Jimín Mháire Thaidhg — MAR DO ĊUIR JIMÍN SPIAIRE I dTEANNTAPádraig Ó Siochfhradha
[ 67 ]

Caibidiol X

MAR DO ĊUIR JIMÍN SPIAIRE I dTEANNTA

Fuspar i leiṫ, ná hinnis d’aonne ’á rugaḋ é. Táim-se im’ ṡaiġdiúir! Ar ṁ’anam ná fuil aon ḃréag ann. I n-arm na hÉireann atáim agus me ag foġluim na saiġdiúireaċta go tiuġ. Bím ag iompó deiseal agus ag iompó clé agus ag iompó ar ais agus ag bualaḋ mo ṡál le n-a ċéile. Taḋg Óg a ṁúin na focail órdaiṫe ḋom. Sé Taḋg an captaen atá annso ar na buaċaillí móra, tá’s agat. Sin é ḋein saiġdiúir díom-sa agus a ṫaisbeáin dom cionnus geáitsí an tsaiġdiúra a ḋéanaṁ. Aċ ní ḟaġaim aon ḃlas orṫa gan na bróga ḃeiṫ orm, mar ná deineann mo ċosa aon ġlór, tá’s agat. Ḃain Mam na bróga ḋíom oiḋċe nuair rug sí orm i dtiġ an ḃainne agus iad orm agus mé ag máirseáil tiompall agus ag iompó agus ag casaḋ agus ag cnagaḋ mo ṡál. Ḃíos ag bualaḋ mo ċos fúm go breá láidir. “Ar ḋeis!” arsa mise liom féin fé mar ċuala Taḋg Óg ’á ráḋ leis na buaċaillí.

“Deas agus clé, a ḃioránaiġ,” arsa Mam ag teaċt an doras isteaċ ċuġam agus am’ ḃualaḋ le ḋá ċlaḃta, deas agus clé. Annsan rug sí orm agus ḃí sí am’ ċroṫaḋ gur ṫuit na bróga ḋíom. Ní raḃadar fáisciṫe i n-ao’ ċor, tá’s agat; agus ní raiḃ aon stoca orm.

Is olc an sás mo ṁáṫair ċun misneaċ a ċur ar aonne a ḃeiṫ ’na ṡaiġdiúir ar son na hÉireann—is olc san, agus tá na seanaṁná go léir mar sin, mar nuair a ḃíd siad bailiṫe tiompall na teine ins na tiġṫe, ní ṫéiġeann aon lagaḋ orṫa aċ ag cáineaḋ na ndaoine atá ag cur isteaċ ar an ngoḃermint “atá ċoṁ láidir, a ċroiḋe,” agus “b’éidir gurab aṁlaiḋ a stopfaí an pinsiun uaṫa [ 68 ]féin,” agus “ná fuil aon tseans go deo go mbogfaḋ an Sasannaċ a ġreim i nÉirinn.” Sin é saġas cainnte ḃíonn aca san. Aċ b’ḟearr scaoileaḋ leo—níl fios a ṁalairt age sna rudaí boċta. Táid siad dall, mo ġraiḋn iad!

Nuair ná raiḃ aon duine dem’ ċóṁaois im’ ṫeannta d’iarras ar Ṫaḋg Óg cead a ṫaḃairt do Ṁicilín Eoin, leis, ḃeiṫ ’na ṡaiġdiúir. Ṫug, agus is é gnó ṫug sé do ḃeirt againn ḃeiṫ ag faire agus ag éisteaċt, agus ag breiṫ eolais ċuige féin i dtaoḃ aonne ḃeaḋ ar tí na mbuaċaillí san áit. Ġearánas na seanaṁná ar fad leis aċ is aṁlaiḋ a ġáir sé fé’n méid sin. Spiairí agus daoine ḃeaḋ ag breiṫ scéalta ċun na naṁad—eolas orṫa san a ḃí uaiḋ, aduḃairt sé.

As san amaċ ní raiḃ stad le Micilín ná liom féin aċ ag cuardaċ do spiairí. Ḃímís laistiġ des na claṫaċa istoiḋċe ag éisteaċt leis gaċ aonne ġaiḃeaḋ an bóṫar. Ċualamair Taḋg Mór ’á ráḋ le n-a ḃean, agus iad araon i dteannta ċéile ag teaċt ón nDaingean go raiḃ “gob ċun cainnte uirṫi.” Duḃairt sí sin nár ṁór di faoḃar a ċur uirṫi féin mar go raiḃ smísde amadáin d’ḟear aici. Ċonncamair Flúirsín ag imeaċt, oiḋċe eile, le cliaḃ móna as cruaiċ Ḃeit Móire, aċ ṫuit an t-anam as, naċ mór, nuair ḃéiceamair air é ċur ṫar n-ais. Ċuir—go tapaiḋ.

D’éaluiġeamair oiḋċe eile treasna ḋá ṗáirc ċun teaċt ar ċúl Ṫomáisín Nellí agus Ṁáirín Ḋonnċa a ḃí ag cadráil le n-a ċéile age lúib an ḃóṫair. Dar fia! ní raiḃ aon rud le héifeaċt ’á ráḋ aca, aċ cainnt gan ċiall! Ċaiṫeamair scraiṫín leo agus d’imiġeamair. Ar an slí sin fuaireamair fios deiscréideaċ ar gaċ aon rud a ḃí ar siuḃal sa ṗaróiste agus is mór na rudaí a ḃí ar siuḃal ann i gan ḟios, fé ċlúid na hoiḋċe. Tar éis ár ndíċill, áfaċ, ní ḟuaireamair aon spiaire sa ṗaróiste, agus b’orainn a ḃí an míoṡásaṁ.

Nuair a ṫeip muinntir an ṗaróiste orainn ċeapamair go mb’éidir go mbuailfeaḋ seans éigin linn dá ḃfairimís [ 69 ]stróinséirí ḃíoḋ ag teaċt is ag imeaċt. Bacaiġ is mó ṫagaḋ, agus a gcuid ban. Is mó uair a ċluig a ṫugaimís ’á ḃfaireaḋ agus ár gcroiḋe go cráite toisc gur daoine macánta iad go léir. Ṫáinig fear ón nDaingean lá agus cosa cama fé agus asal aige, aċ níorḃ iad Éire ná Sasanna a ḃí ag cur tinnis air sin. Ṫáinig fear eile ar leaṫċois go raiḃ ḋá ṁaide croise aige. Ní ċreidfeaḋ Micilín nár spiaire é i gcló bacaiġ agus d’ḟaireamair é féaċaint an gcuirfeaḋ sé an tarna cos fé, aċ níor ċuir.

Annsan ṫug tincéir fiarṡúileaċ rua turus ar an mbaile agus a ḃean agus scata mór de ṫincéirí beaga fairis. Ċuarduiġeadar gaċ aon tiġ ar feaḋ an lae agus tráṫnóna d’imiġeadar soir go dtí an crosaire—iad féin agus asal agus cairt a ḃí aca—agus ċuireadar fúṫa ann i gcóir na hoiḋċe. Ḃí droċḟuadar fúṫa, dar linn, agus iad d’ḟanaċt annsan. Ḃeartuiġ an ḃeirt againn éalú amaċ taréis ár muinntire a ḋul a ċodla ċun an tincéir agus a ḃean a ḋ’ḟaireaḋ.

Amaċ tríd an ḃfuinneóig a ċuas féin le smut de ṫéadán a ḃí ceangailte agam de ċois na leabṫan. (Is minic a ċuas amaċ mar sin i gan ḟios do Ṁam, tá’s agat.) Ḃuail Micilín liom sa ḃuaile agus ċuaiḋ an ḃeirt againn soir tré sna páirceanna go dtí an ċrois. Ḃí na tincéirí fós ann agus teine ar lasaḋ aca agus rud éigin aca ’á róstaḋ. Fuaireas amaċ ó ṡin gurḃ é bárdal Ṁáire Aindí a ḃí aca. Nuair a ḃí sé róstaiṫe d’iṫeadar láiṫreaċ é agus ṫugadar na cnáṁa do sna leanḃaí beaga le cogaint. Ḃíodar go léir ag dul a ċodla annsan aċ an t-aṫair. Rug sé sin an t-asal leis agus ċuir sé isteaċ i móinéar Ṗeats Teaimí é agus i n-ionad dul a ċodla i dteannta na coda eile is aṁlaiḋ a ṫug sé aġaiḋ siar ar na tiġṫe arís. Ḃain san preab asainn agus beirt againn i ndíg ag faireaḋ air.

“Hanaman riaċ, a Ṁicilín,” arsa mise, “spiaire!”

Ċloisfeá croiḋe Ṁicilín ag bualaḋ agus a anál ’á ḃaint de. Siúd linn ’na ḋiaiḋ ag éalú.

Nuair ṫáinig an tincéir i n-aice tiġe Ṁáire Aindí [ 70 ]ċuaiḋ sé ar éalú cois an ċlaiḋe agus é ag stad agus cluas air gaċ ’ra nóimeat. Ḃí aḋarc ḃeag den ġealaiġ ann an oiḋċe sin.

“Ag spiaireaċt ar Ṫaḋg Óg atá sé,” arsa mise i gcogar le Micilín, nuair ċonnac an biṫiúnaċ ag dul isteaċ ameasc na dtiġṫe i mbuaile Ṁáire Aindí. Ḃí mo ċroiḋe féin im’ ḃéal agus allus orm agus mo láṁa ar criṫ agus ná feadar cad a ḋéanfainn. Ba ṁeasa Micilín ná mé féin agus ḃí aġaiḋ ḃán air. Ċonnac an tincéir agus é ar a ċromaḋ ag éalú ó ṫiġ go tiġ sa ḃuaile agus rud éigin ’na ḃaclainn aige.

Duḃart le Micilín annsan riṫ leis go ciúin agus cuid de ċomrádaiṫe Ṫaiḋg Óig a ṁúscailt agus a ḃreiṫ leis ċun go mbeiridís ar an spiaire. Siúd le Micilín agus d’imiġeas féin ag laṁncán laistiar den dtiġ go dtána go dtí an seomra mar a mbíonn Taḋg ’na ċodla. Ḃí tairnge im’ ṗóca agus ċromas ar an ngloine a scríobaḋ leis agus ní fada go dtáinig Nell ċuġam. Ḃagruiġeas uirṫi a béal d’éisteaċt. D’oscail sí an ḟuinneóg go ciúin agus duḃart léi annsan Taḋg a ṁúscailt go grod agus é ċur amaċ ċuġam. Ṁeasas ná beaḋ Taḋg múscailte go deo aici, aċ ṫáinig sé go dtí an ḟuinneóg sa deire.

“Tar im’ ḋiaiḋ,” arsa mise, “tá spiaire agam,” agus siúd liom ag laṁncán arís go dtí cúinne an tiġe. Nuair a ṫána annsan do stadas, mar fuaireas raḋarc ar mo ḃioránaċ arís ag éalú ameasc na dtiġṫe agus a hata anuas ar a ṡúiliḃ aige ag féaċaint gaċ ’ra coiscéim ar an dtiġ cóṁnaiṫe agus rud éigin mór ’na ḃaclainn.

Ċuaiḋ sé go ciúin go doras tiġe an ḃainne agus do ḃain an lúb den doras agus d’éaluiġ isteaċ agus do ḋruid an doras amaċ ’na ḋiaiḋ. Ṗreabas féin anonn agus ċuireas an lúb arís ar an ndoras ón dtaoḃ amuiċ.

“Seaḋ, a ḃuaċaill, ceap do ṡuaineas annsan duit féin,” arsa mise.

Le n-a linn sin ṫáinig Taḋg Óg, agus ċonnac ċuġam [ 71 ]anuas Micilín agus ceaṫrar des na buaċaillí agus gan a gcuid éadaiġ i gceart ar aonne ’ca.

Ċromas láiṫreaċ ar a ċur i n-iúl dóiḃ go raiḃ spiaire fé ġlas agam i dtiġ an ḃainne, go raḃamair ar feaḋ na hoiḋċe ar a ṫóir agus go gcaiṫfí é láṁaċ nó é ċroċaḋ. Ní raiḃ gíog as an mbioránaċ a ḃí fé ġlas. Is dóċa go raiḃ sé ag breiṫ ċuige, an fear boċt! Ċromadar san am’ ċeistiú-sa agus giorranáil orṫa leis an bpreab a ḃain an scéal asta, agus leis an iongantas; agus iad go léir ag cainnt ós íseal. Ḃíos féin agus Micilín d’iarraiḋ an scéal a ċur i dtuiscint dóiḃ agus giorranáil orainne, leis, agus ḃíomair i ḃfad sar ar ḟéadamair brí an scéil a ċur ’na luiġe orṫa.

I lár na cainnte istiġ, cad a ḃraiṫfimís ċuġainn i leiṫ an bóṫar aċ trucaill mór gluaisteáin agus solus mór, geal, ar a ṫosaċ. Do stadamair le hiongantas ag féaċaint air agus gan aon ḟocal asainn. Ḃí sé ag gluaiseaċt go dtáinig sé go bun an ḃaile. Annsan do stad sé agus léim gasra mór fear amaċ—saiġdiúirí agus póilíní!

Ċonncamair ag teaċt aníos iad go léir fé ḋéin tiġe Ṁáire Aindí.

“Droċḟuadar!” arsa Taḋg Óg. “Ní fearr ḃeiṫ annso ná ṫuas i mbóṫar an ċnuic.”

D’éaluiġeamair linn suas gan iad ’ár ḃfeiscint agus nuair stadadar san ag an dtiġ, stadamair-ne ag féaċaint síos orṫa.

Ċuarduiġeadar an tiġ ar lorg Ṫaiḋg, aċ ní raiḃ aon Taḋg ann dóiḃ. Nuair ná raiḃ sé le faġáil istiġ aca seo leo ag cuardaċ na dtiġṫe amuiċ. Nuair ċuadar i dtiġ an ḃainne agus ḃuail an tincéir leo ḃí gleo mór agus glaoḋtí ar siuḃal aca agus cainnt ṁór láidir ag an dtincéir. Ní ċreidfidís nárḃ é Taḋg Óg a ḃí aca. D’árduiġeadar leo é agus na ceangail air.

Nuair a ṫánamair-ne anuas ċun na dtiġṫe arís ḃí an baile go léir ’na suiḋe agus gaċ tiġ aca ar lorg a ḋuine [ 72 ]féin. Ḃí Máire Aindí ag dul i ḃfanntaisí agus ḃí Nell ag gol agus Taḋg ’á cur ar a suaineas. Níl aon réasún le mnáiḃ!

Ċuaiḋ Taḋg go tiġ an ḃainne ar maidin agus fuair sé mála an tincéara ann agus trí cinn déag de ċearca Ṁáire Aindí istig ann marḃ. Nuair d’innis sé ḋoṁsa é ṫuigeas an scéal. Ḃí déistin orm.