AN DI SIÚD TUSA?
Ḃí bé ann: níor ḋuiḃe an gual ná a folt, ⁊ níor ḋeirge an caor ná a gruaḋ. Ḃí a súile coṁ gorm le buġ ⁊ a déad coṁ geal leis an sneaċta. Níos binne ná ceól na n-eun uile a glór. Brat glas uaine uimpi, ⁊ dealg de ḋearg-ór n-a ḃrollaċ; éadtrom éasguiḋ uasal a siuḃal, aċt ní raiḃ uaḃar, maos, ná mustar innti. Ḃí fearann torṫaṁail aici, gleannta fada féarṁara, máġṫa mín-áilne, cnoic ⁊ sléiḃte ⁊ loċa ⁊ aiḃne. Agus ḃí an ṁuir n-a timċioll ag déanaṁ sír-ċeoil di, ⁊ aer bog bríoġṁar ós a cionn ná leigfeaḋ di dul i gcríonaċt ná i gcríonċaolaċt go bráṫ.
D’imṫiġ a clú ⁊ clú a cloinne tar lear; ní aṁáin gur líon na dúṫaiġe ḃí i ngar di d’á cáil, aċt do roiċ na tíorṫa ḃí i ḃfad uaiṫi. Ṫáinig ríġṫe ⁊ flaṫa as foigseaċt ⁊ as imċéine ag éisteaċt le binneas a guṫa ⁊ ag foġluim ó n-a saoiṫiḃ. Ṡáruiġ cráiḃṫeaċt a naoṁ ⁊ geanṁnaiḋeaċt a maiġdean an uile ċráiḃṫeaċt ⁊ an uile ġeanṁnaiḋeaċt ar ḃreáġḋaċt; ní ḟeudfaiḋe an buaiḋ do ḃreiṫ ó n-a cailíniḋíḃ, ⁊ i leiṫ a laoċraiḋe ṫugadar an réim leó le calmaċt.
Ḃí na talṁanta ’n-a timċioll lán do ḋorċadas ⁊ do ḋuḃ-ċeó ⁊ tír na béiṫ-seo fá lán-tsoillse gléineaċta na gréine. Aċt ní ḃíonn ar an tsaoġal aċt seal. Is gearr ḃíonn an t-aṫruġaḋ ag teaċt. Agus do ṫáinig sé uirri-se leis; aċt cionnus? An éigion an ḟírinne d’innsint ⁊ a adṁáil gur anuas as an gcéim ab áirde dá ċailiḋeaċt do ṫáinig an mí-áḋ so uirri?—gur as cailleaṁaint a clú d’inġín di féin ṫosnuiġ lá leoin na béiṫe. Um an am-so ḃi rí áiriṫe ’n-a coṁursanaċt, ⁊ ba ṁaiṫ leis a talaṁ do ḃeiṫ aige féin. Do ċuir sé teaċtaire go huasal, ag a raiḃ coṁaċta éigin os a cionn, ⁊ d’innis do go fallsa feallṫa ná raiḃ creideaṁ ná dlíġe ’n-a tír, ná raiḃ sí ag oileaṁain a cloinne i gceart ná i gcóir, ná raiḃ croiḋe ná coinséas aca, go raḃadar ag imṫeaċt fiaḋanta, ⁊ ná raiḃ fiú an euduiġ féin ar ċuid aca. D’aiṫin an t-uasal do go raiḃ cead aige uaiḋ féin gaċ aonníḋ ḃí as a alt do ċur ’n-a ionad arís ⁊ an tír ar fad do ċur fá n-a smaċt, dá mbuiḋ ṁeón leis.
Do líon na hallṁuraiġ isteaċ annsan, ar dtús go lag, aċt do réir mar do ḃí ag éirġe, ḃíodar ag dul i dtreiseaċt, ag cur a gcleaṫaċ i dtalaṁ, ⁊ ag faġáil ġreama [ 39 ]níos doiċte ⁊ níos daingne ó lá go lá. Do ċuaiḋ cuid do ċloinn na béiṫe ⁊ do ṫroideadar leó ⁊ do ṁarḃadar iad, aċt níor ċuireadar go léir le ċéile, ’nuair ṫáinig cuallaċt eile ṫar lear arís ċum na tíre ar fad do ḃaint di. Troid an méid do ṫroid aca go cróḋa, aċt ḃi ceannairc ’n-a measg féin, i n-áit í ċaiṫeaṁ uaṫa, táṫaḋ le ċéile, agus aon lom-ḃuille aṁáin do ḃualaḋ i n-éinḟeaċt, ar an naṁaid, is aṁlaiḋ leigiodar do sleaṁnuġaḋ isteaċ eatorra; ar ṁóḋ gur gearr go ḃfuair é féin coṁ seasganta i seilḃ gur ḟógair orra gaċ béas ⁊ gaċ nós do ḃíoḋ aca do ṫréigion, ⁊ béasanna agus nósanna a naṁad do ġaḃáil ċuca ⁊ do ġlacaḋ go ceanaṁail. Ar dtús d’órduiġ go láidir dóiḃ gan focal de ċaint a máṫar do laḃairt leo go deó arís. Do réir áṁ agus rinneaḋ an fógra-sa d’ḟaisnéis, ’seaḋ is mó do ċeangladar ⁊ do leanadar dá dteangaiḋ ḋúṫċais. Fuaradar bás ag troid ar a son. D’éiriġ líne eile coṁ calma leo suas, ⁊ líne eile, ⁊ mar sin de. Ar an ḃfeaḋ-so níor stad an naṁaid riaṁ ná ċoiḋċe aċt ag síor-ráḋ leo ná raiḃ ’n-a gcaint aċt draḃlais ⁊ draḃġaoil: fá ḋeoiḋ do ċreid cuid aca do ⁊ cuid ’n-a ndiaiḋ-sin, ar ċuma uile naċ mór. Ṫáinig an oiread san náire uirri i ndeireaḋ ṫiar ṫall, gur beag nár ḃásuiġ sí; aċt leis an anam ḃí innti, do ṫeiċ sí léi féin go háitiḃ iargcúlaċa cois na fairrge i measg na bpoll agus na bpluaiseann, áit ’n-a ḃfuil sí anois ag gol ⁊ ag golán ⁊ ag á caoineaḋ fein i n-easḃaiḋ cuiṁinte a cloinne. Go doiṁin i nduiḃeaċt na hoiḋċe le n-a ḃfuil sí timċiollta, is clos do ḟo-ḋuine í ag glaoḋaċ go hairtinneaċ orra-so dá dtug tál a cíċe, teaċt ⁊ í ṡaoraḋ as an nguais in-a ḃfuil sí, ⁊ ó’n anḃás aiṫiseaċ atá i ndán di muna mbrostuiġid ċuici. Agus deiriḋ a clann go n-árdóċaid a máṫair arís gus an ionad ’n-a raiḃ sí sul ar ṡatail neaċ do luċt a léirsgris ar ḟód dá seilḃ riaṁ, ⁊ gan fios aca naċ féidir san do ṫeaċt ċum críċe go ḃráṫ, muna ndéanfaid díṫcioll anois—anois féin —anois díreaċ ar a húrlaḃra do gaḃáil ċuca ⁊ do ċleaċtaḋ. Ní léir dóiḃ go ḃfuil droċ-smaointe ⁊ olcas a náṁad ag dul go smior ionnta ċeana féin, ⁊ gur geárr eile nó go ndéarfaid naċ clann di féin i n-aon ċor iad. A leuġṫóir, an di siúd tusa? Má’s di, aṫċuingeann ort go dúlaiġṫe gan leigiont di imṫeaċt as an tsaoġal ⁊ é ar do láiṁ í ċoimeád ó’n mbás. Do ṡaorfá aon ḃé i gcontaḃairt aċt an ḃé seo—do ṁáṫair féin, ná saorfair í? Brostuiġ má’s eaḋ, brostuiġ. Is ro-ḟada di ag feiṫeaṁ. Ná fan aċt brostuiġ brostuiġ, brostuiġ.
Padruig O Laoġaire.