GAEDHEALG IARTHAIR CHUIGE MUMHAN.
Seo sgeul do ċuala Pádraig O Briain atá anois n-a ċoṁnaiḋe i mBaile-áṫa cliaṫ, ⁊ é ’n-a ġarsún no ’n-a ġárlaċ an tráṫ do ċuala sé d’á innsint é. Do h-iarraḋ air seo sean-sgeul do innsint ós coṁair ċoiṁṫionóil áiriġṫe de Ċonnraḋ na Gaeḋilge i mBaile áṫa cliaṫ. Duḃairt sé go n-inneosaḋ, ⁊ ’nuair a ṫáinig an t-am do innis sé é seo leanas, ⁊ gan aon agó do ṫaiṫin sé go h-an-ṁór le gaċ n-aon dá raiḃ san t-seomra, ⁊ ṫar bárr go mór-ṁór liomsa. I ḃfoclaiḃ an sgéil féin, duḃairt liom ḟéin naċ beinn sásda ċoiḋċe go ḃfeicfinn é i gcloḋ. D’a ḃriġ sin do ċeapas gur ċeart dam iarraċt do ṫaḃairt ar a sgríoḃaḋ síos, ḋá leigfiḋe ḋam é. D’a réir sin ḋo ċuaḋas ag triall ar an sgeulaiḋe i riṫ na Nodlag, ⁊ an smuaineaḋ sin ar m’aigne, ⁊ do ḟiafruiġeas de an leigfeaḋ sé ḋam an sgeul do sgríoḃaḋ síos. ’Sé an freagraḋ ṫug sé orm, mar is gnáṫaċ leis i gcoṁnaíḋe ’nuair iarraim éinniḋ air, go leigfeaḋ ⁊ fáilte. Do ċionn an ċeada sin, do sgríoḃas síos é díreaċ mar do innis an Brianaċ ḋam é, ⁊ mar tá sé annso.
Is fiosaċ do’n ċuid is mó de luċt an Ċonnarṫa ċoṁnuiġeas i mBaile Aṫa Cliaṫ gur i n-aṫċoimireaċt do’n Sgibirín do rugaḋ ⁊ do beaṫuiġeaḋ Pádraig O Briain. D’a ḃárr soin is i gcanaṁaint iarṫair Ċúige Muṁan innistear an sgeul so. Tá toġa gaeḋilge d’a laḃairt ins an dúṫaiġ sin fós, ⁊ b’ḟéidir naċ tiuḃrainn m’ éiṫeaċ dá leoṁainn a ráḋ naċ ins an Eaċtra beag so do ġeoḃmaoid aon ċuid, dá laiġead é, de ḋíoġa na Gaeḋilge.
Bíoḋ a ḟios agaiḃ, a léiġṫeoiriḋe, nár sgríoḃ an Brianaċ focal féin de’n sgeul, aċt gur innis é, ⁊ is é siúd is fáṫ leis na foclaiḃ céadna ḃeiṫ d’a n-aṫráḋ annso ⁊ annsúd. ’Nuair a ḃí sé aiṫsgríoḃṫa agamsa do ṫaisbeánas do é, ⁊ ṫar éis do é léiġeaḋ, do ċeartuiġ sé a dó no a trí d’ ḟoclaiḃ de.
Ní fuláir dam a ráḋ mar an gcéadna go ndeárna an sgeulaiḋe mion-aṫruġaḋ ar ḃeagán de seo leanas ⁊ é d’a innsint ós coṁair an ċoiṁṫionóil, aċt is díreaċ mar do ċuala sé féin é atá sé innste aige annso.