UAILL-CHUMHAIDH NA N-GAEDHAL.
Brónach fuireann críce Chuinn!
Deaghladh an fhuinn mhín, glain, mhaéth:—
Mar táid tréunaibh le truaidh,
Athruíghe uainn dlíghe Dé.
Le plantásion triallaidh siad,
Guidhmuid Dia dhuinn go d-tí,
Mar thug le míorbhaile mór,
Iónas beódh as bhroínn an mhíl.
Naoídh ’s a chlann ó’n n-dílinn n-doímhinn,
O thoínn go toínn bliadhain beódh;—
O’n phlantásion saérfaidh sé,
A n-guídhe Dé atá ar n-dóich.
[ 44 ]
Clann h-Isráeil líon a sluaigh,
Gan ghráin gan ghuais dothug sé,
O’n muir robhartaich, ruaidh;
Béarfam-ne buadh de dheóin Dé.
Creideamh daingeann, dóthchus a’s grádh,
Lean do ghnáith guídhe an ríghe,
Iób air fhoíghid is sé fuair,
Furtacht do ghluais ó fhlaitheas Dé.
Fuair Longínus ’g a mhó mairg,
Aghaidh do cháilg croídhe an Ríghe,
Le hiomad grás a’s déur
Do fuair féin ar son a ghníomh.
Dogheabham go bríoghmhar, buan
O rígh na n-dúl do cheannaigh chlann,
Fearann saidhbhir, suathain, saér,
Gan chíos dhaor na síneadh sreang.
Fada sin rómpa ’n a rún,
Bagar bhuan d’ár g-cur ó ar bh-fód;
Mar liaigheas Lásarus gan léun,
Scaoílfidh go réidh sinn ó bhrón.