CAIBIDIL A X
RINNCE AN ĠLEAMAIĠ
Ċuir an Gárlaċ Sliogánaċ osnaḋ as
Ċuir an Gárlaċ Sliogánaċ osnaḋ as agus ċimil sé a lapa mór trasna a ḋá ṡúil. D’ḟeuċ sé ar Eiḃlís agus ṫug sé iarraċt ar laḃairt léi, aċt ní ḃfuiġeaḋ sé focal a ṫaḃairt leis, ṫáinig a leiṫéid sin de ṫoċt ar a ċroiḋe. Ba ḋóiġ leat go mbrisfeaḋ a ċroiḋe in a ċliaḃ [ 117 ]nó go dtaċtfaí é, ’sa tsliġe gur ċaiṫ an Oll-
ṗiast breiṫ air agus cúpla croṫaḋ ḃaint as
agus é ḃualaḋ ’sa drom, feuċaint an ḃfuiġ-
feaḋ sé a anáil leis. I gcionn tamaill ṫáinig
sé ċuige féin agus ṫáinig a ċaint dó, aċt ḃí
na deoraċa ag rioṫ anuas le n-a ḋá ṗluc.
“Is dóċa,” ar sé, “gur beag ded’ ṡaoġal a ċaiṫ tusa fén ḃfarraige” — ("aon ṗioc,” arsaiġ Eiḃlís) — “agus béidir nár cuireaḋ in aiṫeantas gleamaiġ riaṁ tú” — ("d’iṫ mé p -,” arsaiġ Eiḃlís, aċt ḃain sí siar aiste féin ar an nómant arís agus duḃairt sí nár cuireaḋ, riaṁ) — “agus mar sin de ní ḟuil aon tuigsin agat cadé an greann ḃíonn ag daoine ag deunaṁ Rinnce an Ġleamaiġ.”
“Ní ḟuil, ṁuise, aon tuigsin,” arsaiġ Eiḃlís. “A’ ḃfuiġfeá a ṫeasbáint dom cadé an sórt é?”
“Mar seo,” arsaiġ an Ollṗiast, ag baint an ḟocail as ḃeul an ḟir eile, “caiṫfiḋ gaċ aoinne seasaṁ ar aon líne i ndiaiḋ a ċéile ar an dtráiġ …”
“In ḋá líne,” arsaiġ an Gárlaċ. “Róin, sliogáin, agus mar sin; agus annsin nuair ḃíonn an glóṫaċ curṫa as an tsliġe agat …”
“Baineann sé sin roinnt aimsire,” arsaiġ an Ollṗiast.
“… tosnuiġeann an Rinnce; gaċ aoinne ċum cinn agus i ndiaiḋ a ċúil ḋá iarraċt …”
“Gaċ aoinne agus gliomaċ mar ṗáirtiḋe aige,” arsaiġ an Ollṗiast.
“Ó, iseaḋ, dar ndóiġ,” arsaiġ an Gárlaċ, “gaċ aoinne ċum cinn agus ṫar n-ais arís ḋá iarraċt agus annsin t’aġaiḋ a ṫaḃairt ar do ṗáirtiḋe …” [ 118 ]"Annsin déin malairt gleamaiġ agus ṫar n-ais go dtí t’áit féin arís,” arsaiġ an Ollṗiast.
“Tá a ḟios agat annsin,” arsaiġ an Gárlaċ, “go gcaiṫtear …”
“Na gleamaiġ!” arsaiġ an Ollṗiast, ag baint an ḟocail as a ḃeul arís agus ag taḃairt léim as a ċaḃail in áirde insan aer.
“… Ċoṁ fada amaċ ’sa ḃfarraige a’s a ḟeudfa tú …”
“Snáṁ in a ndiaiḋ annsin,” arsaiġ an Ollṗiast de screuċ.
“Iompó toll ṫar ceann ’sa ḃfarraige annsin,” arsaiġ an Gárlaċ agus é ag pramsáil ṫimċeall.
“Malairt gleamaiġ arís,” arsaiġ an Oll- ṗiast, ag cur ualfairt as.
“Gaċ aoinne a ṫeaċt i dtír arís annsin, agus sin deireaḋ leis an gceud ḃoḃta de Rinnce an Ġleamaiġ,” arsaiġ an Gárlaċ, go ciúin, mín, macánta, agus ṡuiḋ an dá ḃeaṫaiḋeaċ a ḃí fiaḋain allta síos go duḃaċ duḃrónaċ i láṫair Eiḃlíse agus gan cniug asta aċt iad ag cur na súile isteaċ tríṫe.
“Rinnce an-ḋeas is eaḋ é, is dóċa,” arsaiġ Eiḃlís, go scáṫṁar (deirim leat gur ḃaineadar preab aiste).
“Ar ṁaiṫ leat é d’ḟeicsin?” arsaiġ an Gárlaċ.
“Ó, go deiṁin, ba ṁaiṫ,” arsaiġ Eiḃlís. “Is eaḋ, déinimís an ċeud ḃoḃta ḋe,” arsaiġ sé leis an Ollṗiast. “Is féidir linn é go ḋeunaṁ gan na gleamaiġ, dar ndóiġ. Cé imireoċ’ an port dúinn?”
“Ó, imir-se an port,” arsaiġ an Ollṗiast. “Tá sé dearṁadṫa agam-sa.” [ 119 ]Seo ċum an rinnce an ḃeirt aca; ṡeasaiġidís anuas is na hórdóga beaga ar Eiḃlís nuair ṫagaidís gairid dí, agus ḃí a ḋá lapa árduiġṫe in áirde aca araon agus iad dá gcroṫaḋ ċum a ṫeasbáint go raḃadar ag coimeád istiġ leis an gceol, agus an Gárlaċ ag gaḃáil an aṁráin seo go mall, riġin, caṫaċ:
“Ċodlas féin i dtiġ aréir, Is tuirseaċ tréiṫ a ḃí mo ċuisle, ’Sé coṁráḋ béil ḃí aca go léir: M’inġean féin is a boc ar buile. Tá ’na lá! ní ḟuil ’na lá! Tá ’na lá, is ní ḟuil ’na ṁaidin. Tá ’na lá! ní ḟuil ’na lá! Aċ solas árd atá ’san ngealaiġ.
Éir’ id’ ṡuiḋe, a ḟir a’ tiġe, Cuir do ḃríste ’mat go tapaiḋ, Coinniġ suas cuideaċta ṡuairc Don ċroiḋe ṁaiṫ ṁór go dtiocfaiḋ an ṁaidin. Tá ’na lá! ní ḟuil ’na lá! Tá ’na lá, is ní ḟuil ’na ṁaidin, Tá ’na lá! ní ḟuil ’na lá! Aċ solas árd atá ’san ngealaiġ.
“Ní éireoċad im’ ṡuiḋe,” ar fear an tiġe, “’S ní ċuirfead bríste orm ná hata, Blas ná braon dem’ ċuid-se diġe Ní raġaiḋ in a gcroiḋe go dtiocfaiḋ an ṁaidin.” Tá ’na lá! ní ḟuil ’na lá! Tá ’na lá, is ní ḟuil ’na ṁaidin, Tá ’na lá! ní ḟuil ’na lá! Aċ solas árd atá ’san ngealaiġ. [ 120 ]Tá mo stocaí i dtiġ an óil, Tá mo ḃróga i dtiġ an leanna, Tá mo ḃa ag dul ṫar teorainn, Is ní ḟuil bean óg a raġaḋ dá gcasaḋ. Tá ’na lá! ní ḟuil ’na lá! Tá ’na lá, is ní ḟuil ’na ṁaidin, Tá ’na lá! ní ḟuil ’na lá! Aċ solas árd atá ’san ngealaiġ.
Tá an baraile ar a ċeann, Is ní ḟeicim ann aċt dríodar deasga. Tá mo ġiní ar an mbórd Is bíom ag ól go dtiocfaiḋ an ṁaidin. Tá ’na lá! ní ḟuil ’na lá! Tá ’na lá, is ní ḟuil ’na ṁaidin. Tá ’na lá! ní ḟuil ’na lá! Aċ solas árd atá ’san ngealaiġ.”
“Táim buiḋeaċ ḋíḃ araon; rinnce iongantaċ deas is eaḋ an rinnce sin,” arsaiġ Eiḃlís, “aċt buiḋeaċas le Dia,” ar sí sin léi féin, “go ḃfuil deireaḋ leis.”
“Aċt an t-aṁrán,” ar sí sin, “buaiḋ sé sin ar a airiġ mé riaṁ le breáġṫaċt; leig dom leis; agus maran ḃfuil an Gárlaċ ábalta ar é ráḋ go binn “ní ḟuil in a lá.” Béidir go mbeaḋ aṁrán eile agaiḃ, aċt ar son Dia ná déiniḋ aon rinnce, ní ḟágfaḋ sé puṫ ionnaiḃ.”
“Ó, i maite, a ġearrċaile, sin é a ċuirfeaḋ snaiḋm is na haeḋeanna agat mara mbeaḋ an lúṫ ionnat,” arsaiġ an Ollṗiast.
“Is dóċa é! Is dóċa é!” arsaiġ Eiḃlís, “aċt cad mar ġeall ar aṁrán eile?”
“Deurfaiḋ an Ollṗiast aṁráin dúinn,” arsaiġ an Gárlaċ. “Tá a ḟios agam go mbídís aige in a gcairn". [ 121 ]Ḃain an Ollṗiast cúpla casaḋ as a iarball, d’oscail sé amaċ a ḋá sciaṫán, agus ċuir sé scrogal air féin, agus tar éis cúpla casaċtaċ a ċur as ċum a scórnaċ a réiḋteaċ d’iarr sé ar Eiḃlís gloine uisce d’ḟaġáil dó agus é leagaint in a ḟiaḋnuise.
Nuair a ḃí an méid sin deunta: “Ní ḟeadar mé an ḃfuiġfe mé taḃairt fé in aon ċor,” ar sé sin, “tá na fiacla caillte agam, agus tá m’anáil ag teaċt gairid.”
Mar sin féin d’eiriġ sé agus tar éis dó cúpla casaċtaċ eile ċur as, ṫosnuiġ sé:
“Maidin ḃog ḋrúċtṁar Idir Ċaiseal a’s Ḋúrlas Go triopalaċ ciúinṁear Gaḃáil im’ ċoinne ’sa ród; Laḃair sé go tláṫ liom Den ċoṁráḋ ċaoin ġráḋṁar, ’Gus ċuir …”
“Tá sé caillte agam, tá sé caillte agam,” ar sé sin.
“Misneaċ! misneaċ!” arsaiġ an Gárlaċ, “taḃair fé arís, taḃair fé arís, ḃí a ḟios agam ná teipfeaḋ an guṫ ort.”
“Is eaḋ, deurfa mé ceann eile ḋíḃ,” ars an Ollṗiast.
“A Ċomṫain ṁalluiġṫe, guiḋim-se deacair ort a’s gráin Ṁic Dé A’s ar an ngasraḋ úd ḃí ceangailte go dlúṫ led’ ṫaoiḃ, [ 122 ]Mar is siḃ do ḋearḃaiġ i láṫair Ċoisdealḃaiġ ar an dtriúr fear séiṁ Agus ċuir na Conairiġ ṫar na farraigí dtí na New Souṫ Wales.
An té ḃeaḋ ’na ṡeasaṁ ann agus ḋeunfaḋ maċtnaṁ ar ár gcúis dá pléiḋe, Mar a ṡeasaiġ sí ón a seaċt ar maidin go dtí taréis a naoi, Ċrioṫ an talaṁ fúinn le linn na laḃaraċa dá dtaḃairt ’sa mbréig A’s mo ġráiḋín-se an t-anam boċt, tá sé damanta má’s fíor í an ċléir.
A Ḃainríoġain ḃeannuiġṫe, a’s a Rí na ḃFlaiṫeas geal, taḃair fuascailt orainn araon, A’s ar an mbanaltra tá ’sa mbaile go duḃaċ ’nár ndéiḋ. Le linn an aifrinn bíḋí ag agallaṁ ’gus ag guiḋe ċum Dé Ar na Conairiġ a ṫaḃairt aḃaile ċuġainn ó na New Souṫ Wales.”
“Tar slán, tar slán, a ḟir an ċroiḋe ṁóir,” arsaiġ an Gárlaċ, “agus ceud slán leis an tsean-aimsir; naċ é an feall gur cruaḋaiḋ Dia an saoġal orainn agus gur ċuaḋamair in aois. Is eaḋ, anois, a ġearrċaile, nár ċeart go mbeaḋ cuideaċta éigin ionnat-sa agus go ndeurfá ceaṫraṁa ḃeag éigin dúinn.”
“Tá gaċ aon rud ċoṁ tré n-a ċéile sin orm le déiḋeanaiġe gur ar éigin a ġeoḃainn cuiṁneaṁ ar na focail,” arsaiġ Eiḃlís, “aċt deunfa mé mo ḋíċeall, dar ndóiġ.”
D’éiriġ sí in a seasaṁ agus d’uṁluiġ sí [ 123 ]ḋóiḃ araon i ndiaiḋ a ċéile; níor ḋein sí dearṁad ar an méid sin, pé sceul é; ċuir sí a ḋá láiṁín taoḃ ṫiar dá drom, agus ċaiṫ sí a ceann roinnt siar ar a guailne, agus ċuir sí gob uirre féin agus ṫosnuiġ sí:
“Ar maidin moċ a ġaḃas amaċ Ag dul dtí’n scoil dom féin, Scian a’s forc go taḃail im’ ġlaic, A’s lonnraḋ te lem’ ṫaoḃ. Ag taisteal dom tré ṗluide a’s gúṫ, A’s mo ċaḋp go hárd ’san aer, Cad a ġeoḃainn lem’ ais aċ smeura deas Agus áirniḋe blasta geur.”
“Is ait an tsliġe atá an ċaint sin agat,” arsaiġ an Gárlaċ.
“Tá sé ċoṁ ait agus do-ġeoḃaḋ sé a ḃeiṫ,” arsaiġ an Ollṗiast, “ní mar sin d’airiġinn-se an t-aṁrán sin in aon ċor le linn m’óige.”
“Níor airiġ mise riaṁ im’ ṡaoġal é,” arsaiġ an Gárlaċ, “agus rud eile ḋe, is dóiġ liom gur ráiméis ar fad é.”
Ní duḃairt Eiḃlís aon rud; ṡuiḋ sí síos agus a haġaiḋ foiliġṫe le n-a ḋá láiṁín aici, agus é ag rioṫ léi ná tuitfeaḋ aon rud amaċ i sliġe nádúrṫa go deo arís.
“Baḋ ṁaiṫ liom,” arsaiġ an Gárlaċ, “go ndeunfaḋ sí míniuġaḋ éigin dúinn air.”
“Ní ḃfuiġfeaḋ sí é ṁíniuġaḋ ḋuit,” arsaiġ an Ollṗiast. “Abair an ċeud ċeaṫraṁa eile.”
“Aċt, in ainm Dé!” arsaiġ an Gárlaċ, “cad a ḃí uaiṫe den scian agus den ḟorc?”
“Mar sin a ḃailiġtear smeura duḃa anois, is dóċa,” arsaiġ an Ollṗiast. [ 124 ]Baḋ ṁaiṫ le hEiḃlís go dtosnóċaidís ag caint ar rud éigin eile, aċt ní raiḃ aon ṗioc dá ḟonn orra.
“Abair an ċeud ċeaṫraṁa eile,” arsaiġ an Ollṗiast, “seo mar a ṫosnuiġeann sé: ’Ní raiḃ bróg ná stoca, caḋp ná clóc’.’”
Ní ḃfuiġfeaḋ Eiḃlís ḃoċt innte féin iad d’eiteaċ, ar a ṡon go raiḃ a ḟios aici go dtiocfaḋ na focail go léir bun-os-cionn arís, agus ṫosnuiġ sí:
“Ní raiḃ bróg ná stoca, caḋp ná clóc’, Ar áirniḋe duḃa Loċ Léin; Agus ṡuiḋ an púca ar na smeara duḃa, A’s ní raiḃ sceaṫóir ann ná caor. Aċt an scian a’s an forc ḃí agam im’ ġlaic Ṫeastuiġeadar go geur uaim féin, Ċum pluide a’s gúta an ḃóṫair ḃuig A ḃaint as an sceul go léir.”
“Cadé an ṁaiṫ ḋuit a ḃeiṫ ag ráḋ an ráiméis cainte sin,” arsaiġ an Gárlaċ, “maran rud é go ḃfuil tú ċum míniuġaḋ éigin a ṫaḃairt dúinn air. Isí an draḃġail cainte í is aite agus is mí-ṫaiṫneaṁaiġe d’airiġ mé riaṁ im’ ṡaoġal beaṫa í.”
“Caiṫ uait í in ainm Dé agus Muire, má’s eaḋ,” arsaiġ an Ollṗiast, agus deirim leat gur ċaiṫ.
“Ní ḟeadar,” ar sé sin, “a ndeunfaimís boḃta eile ḋe Rinnce an Ġleamaiġ, nó béidir gur ṁaiṫ leat go ndeurfaḋ an Gárlaċ aṁrán eile ḋúinn.”
“Ó, aṁrán an Ġárlaiġ,” arsa Eiḃlís go hobann — ċoṁ obann agus ċoṁ sainteaṁail sin [ 125 ]gur ṫáinig olc ar an Ollṗiast, agus go nduḃairt sé leis féin agus pus air: “Is fuiris daoine a ṡásaṁ! ṫoicim, a ḋuine úd, abair ’An tUḃal’ dí.”
Ċuir an Gárlaċ cúpla osnaḋ as agus dóbair go sgoiltfeaḋ a ċroiḋe le tulcaí goil ag tosnuġaḋ an aṁrán ḋó, ḋún sé a ḋá ṡúil, agus ṫosnuiġ sé ag cur dá ċroiḋe mar seo:
“Tá scéilín nua ’gam le hinnsint díḃ-se, Cúrsaí spóirt agus coṁráḋ díġe, Uḃal breáġ gleoite a ċuireas im’ ṗóca ’S ná fuaireasa roṁam ann aċt práitín síl. Oḃoċ! mo ṫúirse mar a ṡileann mo ṡúile I ndiaiḋ an uḃail ud ḃí breáġ buiḋe. Óigḃean ṁúinte ḃí t’réis é ṫaḃairt dom, A’s go dtaḃarfainn ċúig ṗúint ar é a ḃlaiseaḋ arís.
Ṡiuḃlaiġeas Cléire agus Carraige Aonair, Cuanta Béara ḃí roṁam ’sa tsliġe, Puínte na nGréig’ ’gus na Dosaí Maola, An Ḟiaḋ ’san Laoi taoḃ amuiġ de Ḃaoí. Oḃoċ! mo ṫúirse mar a ṡileann mo ṡúile I ndiaiḋ an uḃail úd ḃí breáġ buiḋe. Óigḃean ṁúinte ḃí t’réis é ṫaḃairt dom, A’s go dtaḃarfainn ċúig ṗúint ar é a ḃlaiseaḋ arís.
Ṡiuḃaluiġeas Cualaċ mar a ḃíos buaḋarṫa, An Paróiste Ṫuaiḋ agus na hAḋraiḋe, ’San Oileán Mór is eaḋ d’innis dom buaċaill Ná fuiġfinn a ṫuairisc go raġainn ṫar Snaiḋm. Oḃoċ! mo ṫúirse mar a ṡileann mo ṡúile I ndiaiḋ an uḃail úd ḃí breáġ buiḋe. [ 126 ]Óigḃean ṁúinte ḃí t’réis é ṫaḃairt dom, A’s go dtaḃarfainn ċúig ṗúint ar é a ḃlaiseaḋ arís.
Ṡiuḃaluiġeas Cóḃ agus Baile na Móna, Caṫair Tonn Tóime ’gus Inis Seircín, Ṫoir ar an gcósta is eaḋ d’innis dom stróinse Go raiḃ sé in a ṡeó ar ṡráid Neidín. Oḃoċ! mo ṫúirse mar a ṡileann mo ṡúile I ndiaiḋ an uḃail úd ḃí breáġ buiḋe, Óigḃean ṁúinte ḃí t’réis é ṫaḃairt dom, A’s go dtaḃarfainn ċúig ṗúint ar é a ḃlaiseaḋ arís.”
“Is eaḋ, an curfá arís!” arsaiġ an Oll- ṗiast, agus díreaċ ḃí tosnuiġṫe ag an nGárlaċ nuair d’airiġ an ċuideaċta an aḋarc dá séideaḋ agus ag fógairt go raiḃ an “Cúirt ’na suiḋe.”
“Siuḃal leat go mear!” arsaiġ an Oll- ṗiast, ag breiṫ ar láiṁ ar Eiḃlís agus dá tarraing in a ḋiaiḋ gan fuireaċ le críoċnuġaḋ an aṁráin.
“’Dé an ċúirt?” arsaiġ Eiḃlís nuair a ṫáinig a caint dí; aċt ní duḃairt an Ollṗiast aon rud aċt, “Corruiġ ort!” agus ċuir sé ḋe ċoṁ mear agus ḃí aige. I ḃfad siar uaṫa d’airiġeadar guṫ brónaċ an Ġárlaiġ Ṡliogánaiġ ag casaḋ an ċurfá:
“Oḃoċ! mo ṫúirse mar a ṡileann mo ṡúile.”