CÚNTAS AR ĊOGAḊ ĊATILÍNA
Ó
ĊAIUS SALISTIUS CRISPUS
I. Gaċ treaḃċas daoine le n-ar mian iad féin a ḃeiṫ os cionn na n-ainṁiḋṫe eile ní foláir dóiḃ díṫeall a ḋéanaṁ ar gan a saoġal do ċaiṫeaṁ i ndíṫ úrlaḃra mar a ċaiṫid na beiṫiḋiġ do cumaḋ ar cromaḋ agus gan uaṫa aċ a mbolg do ṡásaṁ. Ní mar sin dúinne. Tá ḋá ṡaġas nirt ionainn, neart aigne agus neart cuirp. Neart aigne ċun stiúraiṫe; neart cuirp ċun oibre. Neart aigne mar aon le déiṫiḃ; neart cuirp mar aon leis an mbeiṫiḋeaċ.
Uime sin is cirte, dar liom-sa, clú do lorg a’ neart na h-aigne ’ná a’ neart an ċuirp, agus, ó’s níḋ náċ buan beaṫa an ċuirp, ár gclú ḋéanaṁ ċóṁ buan agus is féidir é. Clú neambuan, gan ġus, a ġeiḃtear a’ saiḋḃreas nú a’ h-áilneaċt cuirp. Clú marṫanaċ a ġeiḃtear a’ h-áilneaċt aigne agus a’ neart aigne.
Aċ is fada ’á ṗléiḋe idir ḋaoiniḃ é ce ’cu le neart cuirp nú le neart aigne is mó a cuirtar gnóṫaí cogaiḋ ċun cinn. Óir sar a dtosnuiġtear ní foláir cóṁairle. Ansan, tar éis na cóṁairle, ní foláir an gníoṁ go tapaiḋ. Mar sin, a’ láiṁ a ċéile a ḋ’oibriġid siad araon.