Aesop a tháinig go h-Éirinn/Geallamhna an Fhir Bhreóite
22.—GEALLAṀNA AN ḞIR ḂREÓITE.
Ḃí fear ann agus ḃí sé ar a leabaiḋ agus taom trom breóiteaċta air. Ġeall sé d’Apolo agus d’Aesculapius go ndéanfaḋ sé íḋbirt míle daṁ ċúċa aċt é leiġeas. Ḃí a ḃean ag éisteaċt leis. “A ḋuine a ċroíḋe ’stig!” ar sise, “cá ḃfaġfása míle daṁ le h-iḋbirt!” “Éist do ḃeul, a ḃean gan ċiall,” ar seisean. “An aṁlaiḋ a ṁeasan tú ná fuil aon ċúram eile ar ḋéiṫiḃ aċt ḃeiṫ ag teaċt ag éileaṁ fiaċ ar mo leiṫéidse de ḃoċtán!”
Do leiġseaḋ é áṁ. Nuair a ḃí a ṡláinte aige d’imṫig sé agus d’aimsig sé raint márla buíḋe agus d’ḟliuċ sé é, agus ḋéin sé mairtaol de. Ansan do ċúm sé as an mairtaol míle daṁ beag deas bréige. Do ṫiormuig sé iad agus do ġlan sé iad agus ċuir sé ar altóir iad agus d'íḋbir sé iad ċum na ndéiṫe úd.
Níor ḃ’ ḟada gur ḋíol an fear boċt as an gcleas san. Déineaḋ taiḃreaṁ dó. Do taisbeánaḋ dó go raiḃ próca óir i ḃfolaċ ar bruaċ na farge i n-a leiṫeid siúd de ċúinne, agus do taisbeánaḋ an cúinne ḋó. D’imṫig sé sa n-oíḋċe ag lorg an óir. An ḟaid a ḃí sé ag taíde ar an ór ṫáinig fomaraig isteaċ ó’n ḃfarge agus do rugadar air agus ċuireadar ar bórd na loinge é, ’ġá ḃreiṫ leó. Do ġeall sé láiṫreaċ deiċ míle púnt dóiḃ aċt é leigint uaṫa. Ġáireadar. “Dá ngeallṫá beagán,” ar siad, “b’ḟéidir go gcreidfí ṫu.”
Do rugadar leó é agus ḋíoladar é ’na scláḃaċ.
An Múineaḋ.
Tá daoíne ann agus nuair ḃíon teinneas nó trioblóid orṫa ba ḋóiċ leat orṫa go dtaḃarfidís an saoġal mór do Ḋia na glóire, molaḋ go deó leis! Ansan, nuair castar sláinte orṫa agus ḃíon an saoġal ar a dtoil acu, níor ḋóiċ leat orṫa aon Dia ḃeiṫ i n-aon ċor ann. Is olc an ċríċ a ḃeirean a leiṫéidí, áṁ. Is i ndiaig an tsaiḋḃris a ḃíd go dtí go dtagan an fomaraċ, .i. an t-áirseóir, orṫa agus go mbeirean sé ċum siúḃail leis iad.