Aesop a tháinig go h-Éirinn/An t-Aodhre agus an Fharge
14.—AN T-AOḊRE AGUS AN ḞARGE.
Ḃí aoḋre ag aoḋreaċt i n-aice na farge lá breáġ saṁraiḋ. Ḃí an t-uisge go sáṁ agus an ġrian ag taiṫneaṁ anuas air. Ḃí long tamal amaċ ar an uisge, agus a seólta breaġṫa geala uirṫi. Ḃí an t-aoḋre ag feuċaint ar an uisge agus ar an loíng, agus é ag maċtnaṁ. Dúḃairt sé leis féin, as a ṁaċtnaṁ: “Imṫeóċad,” ar seisean, “agus díolfad na caoíre seo agus ceanóċad raint meala agus cuirfad ar bórd loinge í agus [ 13 ]béarfad liom anonn tar farge í, agus díolfad í ṫall ar a ḋá oiread agus ċosnóċaiḋ sí anso. Ansan is gearr go mbeiḋ airgead mo ḋóiṫin agam, oiread agus ná béaḋ go deó agam de ḃár na gcaoraċ so.” Do ḋéin sé mar sin. Ní raiḃ sé aċt lá nó ḋó ar an ḃfarge nuair ’eirig stoirm agus ḃí an long i roċtaiḃ a báiṫte. Ċum na loinge do ċoimeád ar bár uisge b’ éigean do’n ḟuirean loinge gaċ a raiḃ d’ualaċ acu do ċaiṫeaṁ amaċ fé’n bpoll. Do caiṫeaḋ an ṁil amaċ i dteanta na cod’ eile.
Ṫáinig an long saor. D’iompuig an t-aoḋre airís ar an aoḋreaċt. Dob ḟada go raiḃ tréad maiṫ caoraċ airís aige, aċt do ráinig go raiḃ i gcionn aimsire. Do ṫárla mar an gcéadna go raiḃ sé lá breáġ eile saṁraiḋ ag aoḋreaċt i n-aice na farge.
Má ba ḃreáġ ḟeuċ sí an ċéad uair ba ḋá ḃreáġṫa ’ná san ḟeuċ sí an dara h-uair. D’ḟeuċ sé uirṫi go dlúṫ ar feaḋ tamail. Ansan do laḃair sé. “Tuigim ṫú!” ar seisean. “Tuille meala atá uait!”
An Múineaḋ.
“Breiṫniġ an aḃa sul a dtéiḋir ’na cuiliṫ.”