Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Mada Ruadh sa Tobar
10.—AN MADA RUAḊ SA TOBAR.
Ṫuit mada ruaḋ síos i dtobar lá. Ḃí an tobar ró ḋoiṁinn agus na fallaíḋe ’n-a ṫímpal ró ṡleaṁain agus do ṫeip air teaċt ainíos. B’ é a ḋíṫċioll é féin do ċoimeád gan dul fé uisge.
Ṫárla do ṁaċtíre ḃeiṫ ag ġaḃáil ṫar an dtobar. D’ airiġ sé an rud ag coruíġe ṫíos ins a’ tobar. D’ ḟeuċ sé síos. “Ó! a Reinaird an ċroíḋe ’stig!” ar seisean, “cad d’imṫig ort, nó conus a ċuais ansan síos! Ó! Ó! Ó! Mo ṫruaġ ṫu, a ḟir ḃoċt! Go deiṁin féin agus go dearḃṫa is oṫ liom go mór a leiṫéid de ṁatalang do ṫuitim amaċ duit. Ó! go deiṁin agus go dearḃṫa is fada nár ṫáinig aon níḋ crosda orm is mó ċuir de ċaṫúġaḋ orm ’ná tu ḟeicsint i n-a leiṫéid de ċás.”
Ċóṁ luaṫ agus fuair an mada ruaḋ caoí ar ḟocal do laḃairt do laḃair sé. “Is maiṫ an rud truaġ ḃeiṫ agat do ḋuine, gan aṁras, aċt dá ndéintá iaraċt éigin ar mé ṫarang amaċ as an áit seo,” ar seisean, “ba ḋóiċ liom gur ṫairḃíġe é ’ná a ḃfuil de ċaint agat.”
An Múineaḋ.
“Ní ċoṫuíġid na bréiṫre na bráiṫre.”