Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Frog agus an Mada Rua
1.—AN FROG AGUS AN MADA RUAḊ.
Ṫáinig frog mór buiḋe-ḃreac ainíos as an loċ agus do ṡuiġ sé ar an bport agus ċuir sé fógra amaċ, ’ġá ráḋ gur ḃ’árd-liaġ é agus go raiḃ leiġeas gaċ galair aige. Ṫánadar na h-ainṁiġṫe go léir fá ḋéin an leiġis. Ḃí an mada ruaḋ ann. D’ḟeuċ sé ar an ḃfrog. Nuair ċonaic sé an t-ainṁíġe beag suaraċ do ċuir sé dranġáire as.
“Airiú greadaḋ ċúgat!” ar seisean, “má tá an t-eólus úd go léir agat fé mar ḟógrais dúinn, náċ mór an iongna ná h-imirean tu beagán dé ar do ċorpáinín féin. Ní’l aoinne anso indiú is mí-ċúmṫa ’ná ṫu. Agus ċeapfá a ċur ’na luiġe orainn go ḃfuilir ábalta ar ár ngearánta go léir do leiġeas. Ṫuit tonóisg beag amaċ dóṁ-sa agus baineaḋ an t-earball díom. Ċeapas, nuair airíġeas an ḟógairt seo uait-se, go mb’ḟéidir go gcurfá earball i n’ inead orm. Ní ḟeicim, áṁ, go ḃfuil earball ort féin. Preit! a ḋuine, cá ḃ’ḟios dod’ leiṫéid-se cad a ḃainean le h-earball!” Agus ṫug sé a ċúl air go mí-ċeadtaċ agus d’imṫiġ sé. Do lean an ċuid eile é agus iad go bréan díoḃ féin.
An Múineaḋ.
An t-é ná féadan a ġnó féin do ḋéanaṁ is deacair a ráḋ go ḃféadfaiḋ sé gnó an ḟir ṫall do ḋéanaṁ.
“Do ġnó féin déin, a ḋuine,
Ná bac mo ġnó; ná mise.