Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Ḟuiseóg agus a h-Ál
4.—AN ḞUISEÓG AGUS A H-ÁL.
Ḃí fuiseóg agus nead aici i ngort. D’imṫíġeaḋ sí amaċ gaċ lá ag soláṫar do’n ál ḃeag aḃí sa nid aici. Lá d’á raiḃ sí amuiċ ṫáinig fear an ġuirt agus a ṁac agus d’airig na h-éin ḃeaga ag caint iad. “Ar airíġis, a ṁic ó,” arsan fear, “tá an gort so aibig. Ní foláir é ḃaint. Imṫig agus bailig na cóṁarsain agus bídís anso agat ar maidin amáraċ go mbaineam é.”
Nuair ṫáinig an ḟuiseóg aḃaile d’inis na h-éin ḃeaga ḋí cad dúḃairt an fear, “agus cad ḋéanfam!” ar siad. “Marḃóċar sinn!”
“Ní baoġal daoiḃ,” ar sise. D’imṫiġ sí lá’r na ṁáraċ ag soláṫar mar an gcéadna.
Ṫáinig an fear agus a ṁac ċum an arḃair do ḃaint aċt níor ṫáinig aon ċóṁarsa, agus nuair ná táinig aon ċongnaṁ níor ḋeineadar aon obair. D’ḟanadar go h-eadarṫa ag feiṫeaṁ. Ansan dúḃairt an t-aṫair:—
“Is beag an tairḃe ḃeiṫ ag feiteaṁ leó so,” ar seisean.
“Imṫiġ ag triall ar ár ndaoíne muíntearṫa agus bídís anso agat ar maidin go mbaineam an ṗáirc seo.”
Ṫáinig an ḟuiseóg aḃaile agus d’inis na h-éin ḃeaga an ċaint sin dí, agus sgeón ionta. “Glacaig ḃúr suaiṁneas,” ar sise. “Ní’l baoġal orainn.”
D’imṫiġ sí airís ar maidin ag soláṫar. Ṫáinig an fear agus a ṁac, aċt níor ṫáinig aon duine muíntearṫa. D’ḟan an ḃeirt ag feiṫeaṁ go h-eadarṫa agus ’na ḋiaiġ.
Ansan do laḃair an t-aṫair. “Is aṁlaiḋ mar atá an sgeul, a ṁic ó,” ar seisean, “caiṫfam féin an obair do ḋéanaṁ. Dá dtosnuíġmís ar maidin indé ḃéaḋ a ḟorṁór déanta againn um an dtaca so. Aċt is fearr déanaiġe ’ná ró ḋéanaiġe. Téanam aḃaile anois go raġam a ċodla i n-am agus béam anso ar eirġe laé ar maidin agus bainfam féin an gort.”
Ṫáinig an ḟuiseóg aḃaile. “Cad dúḃraḋ indiu?” ar sise.
“Dúḃairt an fear,” ar siad, “go mbéaḋ sé féin agus a ṁac anso ar eirġe laé ar maidin agus go mbainfidís féin an gort.”
“Ambasa, a ċlann ó,” ar sise, “ní foláir dúinn ḃeiṫ ag gluaiseaċt. Bainfar an gort amáraċ.”
An Múineaḋ.
An t-é ḃéiḋ ag braṫ ar an ḃfear ṫall ċum a ġnóṫa ḋéanaṁ, béiḋ an gnó gan déanaṁ aige.